Sinsearach

PLEAN CEACHTA

Cuspóir

Tuiscint na ndaltaí a fhorbairt ar tháirgí déiríochta mar cheann de na príomhghrúpaí bia agus mar chuid d’aiste bhia atá idir chothrom agus sláintiúil.

Fad: 30 nóiméad (nó mar sin)

Naisc leis an gCuraclam

OSPS:

Mé Féin Ag tabhairt aire do mo chorp Bia agus cothú

Focail an Lae

Senior Lesson Plans Dairy

Déiríocht

Bainne agus táirgí a dhéantar as bainne, mar shampla cáis agus iógart

Senior Lesson Plans Nutrition

Cothaithigh

Substaintí a fhaighimid ónár gcuid bia agus a chabhraíonn linn ár gcorp a choinneáil ag obair go sláintiúil, m.sh. próitéin, vitimíní, mianraí.

Senior Lesson Plans Food Pyramid

Pirimid an Bhia

Taispeántas i gcruth pirimide ina gcuirtear bianna a bhfuil an cineál céanna cothaitheach iontu i ngrúpa ar an tseilf chéanna.

Senior Lesson Plans Balanced Diet

Aiste chothrom bhia

An riar molta de gach grúpa bia a ithe.

Plé Ranga

Taispeáin Pirimid Bhia na Roinne agus léirigh an tseilf ‘Bainne, iógart agus cáis’. Iarr ar na daltaí roinnt bianna a ainmniú ón tseilf sin. Ansin, bain úsáid as an bpóstaer chun na smaointe seo a leanas faoin tseilf a phlé agus déan na pointí plé a thaifeadadh ar an gclár bán.

Simple Food Pyramid Download

  • An riar molta bia – Moltar dóibh siúd atá idir 9-18 mbliana d’aois 5 riar a bheith acu sa lá ón ngrúpa bia ‘bainne, iógart agus cáis’ (moltar 3 riar sa lá do gach aoisghrúpa eile). Mar shampla, is ionann aon riar amháin agus 200ml de bhainne, 125g d’iógart nó 25g de cháis. Moltar dul le táirgí ar bheagán salainn agus saille.
  • Tá bainne, iógart agus cáis ina gcuid thábhachtach d’aiste shláintiúil bhia – is foinsí iontacha cailciam iad, gan trácht ar chothaithigh thábhachtacha eile, amhail próitéin, iaidín agus vitimíní B2, B5 agus B12, rudaí a theastaíonn ónár gcorp le go leor próiseas a choinneáil ag feidhmiú go binn:
  • Cailciam – tábhachtach do chnámha agus fiacla sláintiúla, agus cabhraíonn sé le dea-fheidhmiú na matán.
  • Próitéin – cabhraíonn sí le fás na matán agus le forbairt na gcnámh.
  • Iaidín – cabhraíonn sé le fás an choirp agus le dea-fheidhmiú na hinchinne.
  • B Vitamins:
  • Vitimíní B2, B5, B12 – cabhraíonn siad linn fuinneamh a fháil ó chothaithigh agus tuirse a mhaolú.
  • Vitimín B2 – tábhachtach chun aire a thabhairt don chraiceann agus do na súile.
  • Vitimín B12 – tábhachtach dár gcóras imdhíonachta.
  • Sláinte chnámh:
  • Nuair a thugaimid aire dár gcnámha agus muid óg, téann sé chun sochair ár sláinte cnámh ar feadh an tsaoil.
  • Is féidir leis na cineálacha bia a ithimid agus ár leibhéil gníomhaíochta fisiciúla difear a dhéanamh do shláinte ár gcnámh.
  • Chomh maith le cailciam, is cothaitheach tábhachtach é vitimín D ar mhaithe le sláinte na gcnámh. Gintear é nuair a thagann solas na gréine i dteagmháil leis an gcraiceann, ach tá sé le fáil freisin i gcineálacha bia mar iasc lán ola (m.sh. bradán, ronnach), ubh (buíocán) agus táirgí déiríochta atá daingnithe le vitimín D.
  • Tá gníomhaíochtaí rialta ‘glactha meáchain’, ina gcuirtear meáchan iomlán ár gcoirp ar ár gcosa, ríthábhachtach freisin do shláinte na gcnámh. I measc na ngníomhaíochtaí glactha meáchain sin tá damhsa, rith, gleacaíocht, leadóg agus cispheil.

bia sláintiúil

Gníomhaíocht Bheirte

Iarr ar na daltaí comhrá a dhéanamh ina mbeirteanna faoi na cineálacha bia is fearr leo ón ngrúpa ‘bainne, iógart agus cáis’. Iarr orthu plé a dhéanamh ar an gcaoi a gcuireann siad san áireamh ina n-aiste bhia iad i rith an lae

Mar shampla:

  • Tús a chur leis an lá le babhla leite te a bhíonn déanta le bainne.
  • Cartán nó buidéal bainne scoile a ól gach lá.
  • Ciúbanna cáise agus píosaí úill a ithe ag am sosa.
  • Iógart nádúrtha agus caora a ithe mar chuid den lón scoile.
  • Bainne a chur in anraith nó in anlann ag am dinnéir.
  • Sneaic a dhéanamh de cháis leáite ar thósta slánghráinneach.
  • Bainne a chur in uibheacha scrofa nó in uibheagán don dinnéar.
  • Cupán bainne the a ól roimh dhul a luí.

Gníomhaíocht Phearsanta

Déan fótachóipeanna den Bhileog Ghníomhaíochta ‘5 Riar Déiríochta Gach Lá‘. Iarr ar na daltaí smaoineamh ar bhealaí nua a d’fhéadfaidís an grúpa bia ‘bainne, iógart agus cáis’ a chur lena n-aiste bhia, agus iarr orthu freisin a smaointe a bhreacadh síos ar an mbileog ghníomhaíochta.

Gníomhaíochtaí Fairsingithe

  1. Iarr ar na daltaí póstaer a dhearadh i ngrúpaí lena 10 bPríomhleid chun taitneamh a bhaint as táirgí déiríochta. Cuir ar taispeáint timpeall an tseomra ranga nó na scoile é.
  2. Déan suirbhé scoile ar na cineálacha bia is fearr le daoine ón ngrúpa bia ‘bainne, iógart agus cáis’. Cad é an bia is mó tóir?

Tabhair leat abhaile é

Spreag na daltaí chun an teachtaireacht a thabhairt abhaile maidir lena thábhachtaí atá táirgí déiríochta mar chuid d’aiste chothrom bhia. Mar obair bhaile, is féidir leat iarraidh ar na daltaí na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  1. Liostaigh na táirgí bainne, iógairt agus cáise ina gcuisneoir.
  2. Iarr ar dhuine fásta cabhrú leo béile a dhearadh agus a ullmhú dá dteaghlach leis an ngrúpa bia ‘bainne, iógart agus cáis’.
  3. Déan suirbhé ar an teaghlach – an bhfaigheann a dteaghlach an riar molta ón ngrúpa bia ‘bainne, iógart agus cáis’ gach lá? Cad iad na cineálacha bia déiríochta is fearr leis na daoine de do theaghlach – bainne, iógart nó cáis? Cad é an t-oideas déiríochta is fearr leo?
ÍOSLÓDÁIL ANOIS féachaint ar fhíseán

Cuspóir

Feasacht na ndaltaí a fhorbairt ar a thábhachtaí atá gníomhaíocht choirp dá sláinte.

Fad: 30 nóiméad (nó mar sin)

Naisc leis an gCuraclam

OSPS:

Mé Féin Ag tabhairt aire do mo chorp Bia agus Cothú / Sláinte agus folláine

Focail an Lae

Senior Lesson Plans Dairy

Déiríocht

Bainne agus táirgí a dhéantar as bainne, mar shampla cáis agus iógart.

Senior Lesson Plans Excercise

Cleachtadh Glactha Meáchain

Aon chleachtadh ina gcuirtear meáchan iomlán ár gcoirp ar ár gcosa, mar shampla, rith, scipeáil agus an chuid is mó de na spóirt foirne.

Senior Lesson Plans Bones

Cnámha

Fíochán beo a bhfuil cnámharlach an duine comhdhéanta as.

Senior Lesson Plans Calcium

Cailciam

Mianra a chabhraíonn le fás, forbairt agus cothabháil ár gcnámh. Is foinsí cailciam iad bainne, iógart agus cáis

Plé Ranga

Anois iarr ar na daltaí smaoineamh ar na bealaí ar féidir linn aire a thabhairt dár gcnámha. Pléigh na pointí seo a leanas:

  • Bíonn ár gcnámha ag fás agus ag éirí níos láidre i rith na hóige, mar sin tá sé tábhachtach aire a thabhairt dóibh. Is féidir linn cnámha láidre sláintiúla a thógáil ach na cineálacha cearta bia a ithe agus a bheith gníomhach.
  • Tá cailciam tábhachtach d’fhás agus d’fhorbairt na gcnámh. Is foinsí iontacha cailciam iad bainne, iógart agus cáis. Mar sin féin, tá go leor leanaí in Éirinn nach bhfaigheann go leor cailciam ina n-aiste bhia.
  • Tá sé éasca bia ón ngrúpa ‘bainne, iógairt agus cáis’ a ithe mar chuid d’aiste shláintiúil bhia. Moltar do leanaí idir 5 bliana agus 8 mbliana d’aois trí riar a ithe gach lá. Moltar dóibh siúd atá idir 9 mbliana agus 18 mbliana d’aois cúig riar a ithe gach lá.
  • Is ionann riar amháin agus gloine bhainne 200 ml, pota iógairt 125 g, nó píosa cáise 25 g, m.sh. cáis chéadair.
  • Tá fosfar agus próitéin an-tábhachtach do shláinte na gcnámh freisin. Is foinsí maithe fosfair agus próitéine iad bainne, iógart agus cáis.
  • Tá vitimín D an-tábhachtach ar fad freisin do shláinte na gcnámh. Bíonn vitimín D le fáil in iasc lán ola (amhail bradán, ronnach agus sairdíní), uibheacha agus táirgí déiríochta atá treisithe le vitimín D.

Gníomhaíocht Bheirte

Mínigh gur cleachtaí glactha meáchain iad cleachtaí ar bith ina gcuirtear do mheáchan ar fad ar do chosa, mar shampla, rith, damhsa, scipeáil agus imirt peile. Iarr ar na daltaí ina mbeirteanna an méid a leanas a phlé agus a scríobh:

  1. Liosta de ghníomhaíochtaí eile glactha meáchain.
  2. Liosta de na bealaí ar féidir leo taitneamh a bhaint as bheith gníomhach, mar shampla.
  • Siúl ar scoil/dul ar rothar ar scoil, nó cuid den bhealach, nuair is féidir.
  • Cluichí a imirt lasmuigh le cairde.
  • Páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí iar-scoile.
  • Teorainn ama a aontú le haghaidh ‘am scáileáin’ (teilifís, ríomhaire, fón, táibléad, srl.) agus cloí léi.
  • A chinntiú go bhfuil do scoil cláraithe do Bhratach na Scoile Gníomhaí – www.activeschoolflag.ie

Pléigh!

Cuir i gcuimhne do na daltaí go gcaitear an chuid is mó dá gcuid ama sa scoil ina suí ag deasc, mar sin tá sé tábhachtach éirí ina seasamh agus a gcuid matán a shíneadh nuair is féidir leo!

Spreag na daltaí leis an nasc a dhéanamh idir riachtanais bhia agus fuinnimh. Mínigh dóibh go gcaithfidh siad ithe chun cabhrú leo a bheith gníomhach i rith an lae

Gníomhaíocht Ghrúpa

I ngrúpaí beaga, iarr ar na daltaí cluiche a dhearadh atá bunaithe ar chleachtaí glactha meáchain agus atá go maith do shláinte na gcnámh (rith, scipeáil, léim, cluichí liathróide).

Mar shampla – cleas na bacóide dá gcuid féin a cheapadh, cluiche scipeála nua a cheapadh, nó cluiche a chruthú a thugann an deis dóibh léim agus rudaí a chaitheamh, srl.

Gníomhaíochtaí Fairsingithe

  1. Iarr ar na grúpaí an cluiche nua a chruthaigh siad a mhúineadh do na leanaí eile sa rang.
  2. Bíodh lá spóirt ranga agaibh agus bíodh cluichí na ndaltaí féin mar chuid de na gníomhaíochtaí.
  3. Déan tionscadal staire faoi chluichí traidisiúnta scoile den chineál glactha meáchain agus cuir ar taispeáint sa scoil é.

Tabhair leat abhaile é

Spreag do chuid daltaí chun an teachtaireacht a thabhairt abhaile maidir lena thábhachtaí atá gníomhaíocht choirp mar chuid de stíl mhaireachtála shláintiúil. Mar obair bhaile, is féidir leat iarraidh ar na daltaí na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  1. Siúlóid teaghlaigh a eagrú.
  2. Dul ag siúl lena madra féin nó le madra na gcomharsan (le duine fásta).
  3. Spórt foirne a imirt lena dteaghlach.
  4. Dialann gníomhaíochtaí fisiciúla a choinneáil, ina dtaifeadtar na gníomhaíochtaí a dhéanann siad féin agus daoine eile dá dteaghlach gach seachtain.
ÍOSLÓDÁIL ANOIS féachaint ar fhíseán

CUSPÓIRÍ

Tuiscint na ndaltaí ar shláinteachas fiacla a fhorbairt, mar aon leis an tábhacht a bhaineann le haiste chothrom shláintiúil bhia don dea-shláinteachas fiacla.

Fad: 30 nóiméad (nó mar sin)

Naisc leis an gCuraclam

OSPS:

Mé féin Ag tabhairt aire do mo chorp Sláinte agus folláine / A bheith eolach ar mo chorp / Bia agus cothú

Focail an Lae

Senior Lesson Plans Plaque

Plaic

Substaint ghreamaitheach atá déanta de na frídíní is cúis le lobhadh fiacla.

Senior Lesson Plans Enamal

Cruan

Clúdaíonn cruan do chuid fiacla agus cosnaíonn sé iad. Is é an tsubstaint is crua i do chorp é.

Senior Lesson Plans Fluoride

Fluairíd

Mianra atá éifeachtach chun luathchomharthaí an lobhaidh fiacla a chosc agus a aisiompú fiú. Faightear fluairíd in uisce óil agus i dtaos fiacla.

Senior Lesson Plans Gum Diease

Galar Drandail

Plaic fiacaile ag carnadh ar dhromchla na fiacaile agus ar an drandal is cúis leis an ngalar drandail. Tarlaíonn sé seo nuair nach scuabtar na fiacla i gceart de ghnáth. Is minic a thosaíonn an galar drandail le linn na hóige nó hógántachta.

Lobhadh fiacla

Nuair a ithimid nó nuair a ólaimid rud éigin ina bhfuil siúcra, cruthaítear aigéid sa bhéal. Is iad frídíní a mhaireann sa phlaic fiacaile ar dhromchla na bhfiacla a dhéanann na haigéid sin. Tosaíonn na haigéid ar dhromchla cruain na fiacaile a bhriseadh síos, rud a lobhann an fhiacail.

Plé Ranga

Cuir in iúl do na daltaí go mbeidh siad ag foghlaim faoi shláinteachas fiacla. Fiafraigh de na daltaí cén tuiscint atá acu ar an téarma sin. Mínigh gurb é atá i gceist leis ná aire a thabhairt don bhéal, do na fiacla agus don drandal.

Mar rang, pléigh 1) cén fáth a bhfuil sláinteachas fiacla tábhachtach agus 2) conas sláinteachas maith fiacla a bheith agat. Mar shampla:

1. Cén fáth a bhfuil sláinteachas fiacla tábhachtach?

  • De dheasca drochshláinteachas fiacla is féidir tinneas fiacaile, lobhadh fiacaile nó tinneas drandail a bheith ar dhuine.
  • D’fhéadfadh drochshláinteachas fiacla a bheith ina chúis le drochanáil, rud a d’fhéadfadh cur isteach ar fhéinmheas an duine.
  • Is féidir dea-nósanna sláinteachais fiacla a dhéanamh agus tú óg.
  • Tá fiacla tábhachtach le bheith ag ithe, ag caint agus ag déanamh gáire.

Mínigh lobhadh fiacla (féach Focail an Lae don sainmhíniú air). Ar an dea-uair, tá a chosaint féin ag an mbéal i gcoinne lobhadh fiacla. 20 nóiméad tar éis rud éigin siúcrúil a ithe nó a ól, mura nglactar níos mó siúcra isteach, tosaíonn an t-aigéad ag neodrú agus filleann dromchla na fiacaile ar ais ar an ngnáthstaid. Sin é an fáth a bhfuil sé tábhachtach gan deochanna ná sneaiceanna siúcrúla a ithe idir béilí.

Mínigh an galar drandail (féach focail an lae don sainmhíniú air). Bíonn an galar drandail ina chúis le deargadh, at agus fuiliú nuair a scuabtar na fiacla agus d’fhéadfaí fiacla a chailleadh dá bharr.

2. Conas sláinteachas maith fiacla a bheith agat:

  • Ith béilí agus sneaiceanna sláintiúla.
  • Is iad uisce agus bainne na deochanna is fearr le haghaidh fiacla sláintiúla.
  • Ith cineálacha bia ina bhfuil cailciam agus fosfar mar cabhróidh siad leat d’fhiacla a choinneáil sláintiúil. Ina measc, tá bainne, iógart nádúrtha agus cáis (moltar cineálacha ar bheagán saille a ithe).
  • Seachain sneaiceanna siúcrúla amhail milseáin, seacláid, brioscaí agus deochanna siúcrúla, mar is féidir lobhadh na bhfiacla a bheith mar thoradh ar chineálacha bia ina bhfuil cuid mhór siúcra a ithe idir béilí.
  • Glan do dhrandal agus do chuid fiacla i gceart.
  • Scuab do chuid fiacla dhá uair sa lá le taos fiacla fluairíde. Cabhróidh sé sin trí chruan na bhfiacla a dhéanamh níos frithsheasmhaí in éadan lobhadh fiacla agus is é an bealach is éifeachtaí é chun plaic a bhaint.

Plé Beirte

Léigh na ceisteanna seo a leanas faoi shláinteachas fiacla amach os ard agus iarr ar na daltaí iad a phlé ina mbeirteanna, agus ina dhiaidh sin tar le chéile mar rang agus déanaigí plé (freagraí idir lúibíní thíos).

  1. Cé chomh minic ba chóir duit do chuid fiacla a scuabadh, meas tú? (Dhá uair sa lá)
  2. Cén chaoi ar chóir duit do chuid fiacla a scuabadh? (Féach thíos)
  3. Cá fhad ba chóir duit a chaitheamh ag scuabadh do chuid fiacla? (2-3 nóiméad)
  4. Chomh maith le scuaba a úsáid, cad eile is féidir linn a úsáid chun fiacla a ghlanadh? (Flas)

Tabhair breac-chuntas ar an gcaoi chun fiacla a scuabadh:

  • Scuab dhá fhiacail ag an am (leithead cheann na scuaibe fiacla).
  • Comhair suas go dtí a deich do gach dhá fhiacail atá á scuabadh agat.
  • Scuab an drandal agus na fiacla le scuab fiacla agus beagán taos fiacla fluairíde (1,000 ppm ar a laghad) i ngluaiseacht réidh chiorclach. (Féach na pictiúir)
  • Scuab na fiacla ag an mbarr agus ag an mbun.
  • Scuab na dromchlaí amuigh agus istigh de na fiacla agus den drandal, chomh maith leis an dromchla coganta.
  • Caith amach as do bhéal an taos fiacla – níor cheart rinseáil.

Gníomhaíocht Bheirte

Iarr ar na daltaí obair a dhéanamh ina mbeirteanna. Tabhair cóip den bhileog ghníomhaíochta ‘Leideanna Luachmhara ar Leas na bhFiacla’ do gach beirt, agus iarr ar dhalta amháin Cuid A a dhéanamh agus ar an dalta eile Cuid B a dhéanamh. Caithfidh na daltaí oibriú lena chéile chun na habairtí ó A agus B a mheaitseáil le chéile chun gach ceann de na 8 n-abairt a chomhlánú. Iarr orthu na freagraí a scríobh ina gcóipleabhar.

Leideanna Luachmhara ar Leas na bhFiacla – Réiteach

  1. Scuab do chuid fiacla dhá uair sa lá: roimh dhul a chodladh agus uair amháin eile le linn an lae.
  2. Bain úsáid as scuab bhog nó mheasartha fiacla agus taos fiacla fluairíde chun do chuid fiacla a scuabadh.
  3. Ba cheart go dtógfadh sé 2-3 nóiméad (fad amhráin, nó mar sin) chun do chuid fiacla a ghlanadh i gceart.
  4. Caith amach as do bhéal an taos fiacla, ná rinseáil.
  5. Ná hith agus ná slog an taos fiacla riamh.
  6. Athraigh do scuab fiacla nuair a bhíonn na guairí caite, gach trí mhí nó mar sin.
  7. Tá sé tábhachtach flasáil a dhéanamh gach lá chomh maith leis na fiacla a scuabadh.
  8. Tá sé tábhachtach gach aon fhiacail a ghlanadh agus do chuid fiacla á scuabadh agat.

Gníomhaíochtaí Fairsingithe

  1. Iarr ar na daltaí póstaer a dhearadh ar a mbeidh seicliosta chun aire a thabhairt dá gcuid fiacla. Is féidir leo an póstaer a thabhairt abhaile leo ansin.
  2. Iarr ar na daltaí biachlár a scríobh ar a bhfuil cineálacha bia agus deochanna nach ndéanann dochar do na fiacla.
  3. Imir Biongó Fiacla sa seomra ranga: Dental Bingo

Tabhair leat abhaile é

Spreag na daltaí chun an teachtaireacht a thabhairt abhaile maidir lena thábhachtaí atá sé aiste bhia atá idir chothrom agus sláintiúil a bheith acu le sláinte a gcuid fiacla a choinneáil go maith. Mar obair bhaile, is féidir leat iarraidh ar na daltaí na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  1. Liosta a dhéanamh de na cineálacha bia agus deochanna atá sa bhaile acu ina bhfuil cothaithigh nach ndéanann dochar do na fiacla; agus liosta a dhéanamh freisin de na cinn nach bhfuil go maith dár bhfiacla.
  2. Taifead a choinneáil go ceann seachtaine ar cé chomh minic is a scuabann siad a bhfiacla agus a sheiceáil cé chomh maith agus a d’éirigh leo.
  3. Féach láithreán gréasáin an Fhorais Sláinte Fiacla chun teacht ar leideanna nua lán le spraoi! www.dentalhealth.ie/resources/educational
ÍOSLÓDÁIL ANOIS féachaint ar fhíseán

Cuspóir

Tuiscint na ndaltaí a fhorbairt ar thionchar an táirgthe bia agus déiríochta ar an athrú aeráide, ar a thábhachtaí atá sé ithe go hinbhuanaithe, agus feasacht a mhúscailt ar roghanna bia inbhuanaithe.

Fad: 30 nóiméad (nó mar sin)

Naisc leis an gCuraclam

OSPS:

Mé féin agus an domhan mór Ag forbairt saoránachta Cúram imshaoi

Tíreolaíocht:

Feasacht agus cúram imshaoil aeráid agus atmaisféar Feasacht imshaoil agus ag tabhairt aire don imshaol

Focail an Lae

Astaíochtaí gás ceaptha teasa

Gáis, mar shampla CO2, a cheapann teas na gréine san atmaisféar, rud a fhágann go mbíonn an t-atmaisféar ag téamh (faoi mar a bheadh teach gloine ann).

Athrú aeráide

Tá an Domhan ag téamh de bharr go bhfuil an iomarca gás ceaptha teasa á n-astú, agus tá athrú ag teacht ar an aeráid dá bhrí sin.

Táirgeadh bia

An chaoi a ndéantar ár mbia a fhás, a phróiseáil agus a phacáistiú.

Bia-aistear

Fad an aistir a bhíonn ag an mbia ón bhfeirm go dtí an pláta. Dá fhad an t-achar a bhíonn le déanamh ag an mbia, is ea is mó a bhia-aistear.

Táirgeadh féarbhunaithe déiríochta

Aeráid chineálta fhliuch atá againn in Éirinn, agus tá féaraigh mhéithe againn mar gheall air sin. Is iontach an rud é sin don fheirmeoireacht fhéarbhunaithe déiríochta. Is éard is ainmhithe féarbheathaithe ann ná ainmhithe nach n-itheann ach féar den chuid is mó.

Ithe Inbhuanaithe

Cuimsítear in aistí bia inbhuanaithe bianna inacmhainne atá cothaitheach agus inghlactha, agus a bhfuil teorainn lena ndrochthionchar ar an gcomhshaol. Le hithe níos inbhuanaithe, is féidir linn: Féachaint ar Phirimid Bhia na Roinne Sláinte, a chabhróidh linn roghanna sláintiúla a dhéanamh; Bianna a bhfuil níos lú pacáistithe acu a roghnú; Dramhaíl bhia a laghdú; Bianna áitiúla agus séasúracha a roghnú.

Plé Grúpa

1. Cuir in iúl do na daltaí go mbeidh siad ag foghlaim faoi ithe go hinbhuanaithe, faoin gcaoi a ndéantar táirgí déiríochta in Éirinn agus faoi tháirgí déiríochta a ithe mar chuid d’aiste inbhuanaithe bhia. Iarr ar na daltaí, atá ag obair i ngrúpaí, an chuid ‘focail an lae’ a úsáid agus na pointí seo a leanas a phlé. Iarr orthu chomh maith a gcuid smaointe a bhreacadh síos ar mheabhairmhapa:

  • Cén bhaint atá idir táirgeadh bia agus astaíochtaí gás ceaptha teasa?
  • Cén chaoi ar féidir an t-athrú aeráide a laghdú ach ithe go hinbhuanaithe?
  • Cén t-eolas atá agat ar tháirgeadh déiríochta féarbhunaithe?
  • Cén fáth, dar leat, a bhfuil Éire ar cheann de na tíortha is fearr ar domhan ó thaobh táirgeadh inbhuanaithe bainne de?
  • Cén chaoi ar féidir linn a fháil amach ar tháinig bainne ó fheirm i bPoblacht na hÉireann?

2. Iarr ar gach grúpa a meabhairmhapa a phlé leis an rang. Féach ar an léaráid thuas ar leathanach 15 agus déan machnamh ar na bealaí a bhféadfadh táirgeadh bia a bheith ag cur le hastaíochtaí gás ceaptha teasa. Forbair na smaointe a pléadh sna grúpaí roimhe seo, agus úsáid na pointí seo a leanas mar threoir:

  • Úsáidtear acmhainní nádúrtha amhail talamh agus uisce sa tairgeadh bia, agus cuimsítear ann gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh cur le hastaíochtaí gás ceaptha teasa amhail talmhaíocht agus iompar.
  • Tá leibhéil na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fheirmeacha déiríochta in Éirinn ar roinnt de na leibhéil is ísle san Aontas Eorpach. Is inbhuanaithe don chomhshaol an táirgeadh déiríochta féarbhunaithe ná modhanna táirgthe déiríochta eile. Bíonn na ba amuigh ar féarach glas méith 240 lá sa bhliain ar an meán mar thoradh ar an aeráid chineálta fhliuch atá againn!
  • Úsáidtear suas le 20% níos lú uisce sa táirgeadh déiríochta féarbhunaithe in Éirinn i gcomparáid le formhór na dtíortha eile san Eoraip. Is ón mbáisteach a fhaightear 99% den uisce a úsáidtear ar fheirmeacha na hÉireann, agus is fíorbheag ar fad an tionchar a bhíonn aige sin ar an strus uisce
  • Súnn féaraigh carbón isteach ón atmaisféar, rud a chabhraíonn cúiteamh a dhéanamh ar chuid de na hastaíochtaí carbóin a mbíonn an fheirmeoireacht talmhaíochta ina cúis leo.
  • Bíonn bia-aistear níos lú i gceist le bia séasúrach a fhástar nó a fhaightear go háitiúil.
  • Is mór an chabhair é chun dramhaíl a laghdú ná bia gan pacáistíocht ar bith (nó bia le pacáistíocht in-bhithmhillte) a roghnú.
  • Tugann an gealltanas Saothraithe i bPoblacht na hÉireann le fios go ndearnadh an bainne a fhoinsiú agus a phróiseáil i bPoblacht na hÉireann agus go dtacaíonn sé le poist áitiúla ar fheirmeacha déiríochta dá bhrí sin.

Plé Ranga

1. Taispeáin liosta de na cineálacha bia seo a leanas ar an gclár: bainne, iógart, cáis, iasc, prátaí, bananaí, sútha talún, abhacáid, anainn, oráistí, cairéid, agus sillithe. Pléigh na pointí seo a leanas:

  • Cé na rudaí ar an liosta sin ar féidir iad a fhás/a tháirgeadh in Éirinn, dar leat?
  • An mbíonn raon leathan nó brandaí éagsúla de na cineálacha bia sin le feiceáil sa mhargadh?
  • An aithníonn tú brandaí Éireannacha (mar shampla bainne, iógart, cáis)?
  • Cén uair a bhíonn na cineálacha bia sin i séasúr (an tráth den bhliain a fhástar go nádúrtha iad agus nuair is úire iad)?
  • An féidir leat an tír as ar tháinig cuid de na cineálacha seo bia a shainaithint? Cén tír as a mbíonn abhacáid á n-iompórtáil againn? Céard faoi anainn? Srl.
  • Cén chaoi a n-iompórtáiltear earraí bia isteach go hÉirinn? Cé na modhanna iompair a d’fhéadfaí a úsáid?
  • Nuair a fheiceann tú na cineálacha bia sin sna ollmhargadh, cén saghas pacáistíochta a bhíonn orthu? An dtugann tú aird ar an bpacáistíocht nó ar na lipéid?
  • An itheann tú féin agus do theaghlach an bia ar fad a cheannaíonn sibh? Cé mhéad bia a chaitheann sibh amach? Cén chaoi ar féidir linn an méid bia a chuirtear amú a laghdú?

2. Pléigh na pointí seo a leanas maidir le cothromaíocht a aimsiú idir roghanna cothaithe agus sábháilte chun an tionchar ar an athrú aeráide a laghdú an oiread agus is féidir:

  • Is féidir bainne, iógart agus cáis, cineálacha éagsúla iasc (amhail bradáin agus ronnaigh), prátaí, cairéid agus sútha talún a fháis nó a tháirgeadh anseo in Éirinn, ach déantar cuid mhór díobh a iompórtáil freisin. Is fíor é sin go háirithe nuair a cheannaímid cineálacha bia nach bhfuil i séasúr nó nach bhfuil reoite.
  • Tá fáil againn ar raon mór táirgí éagsúla bainne agus déiríochta ó Éirinn. Ná déan dearmad súil a choinneáil amach don ghealltanas Saothraithe i bPoblacht na hÉireann. B’fhéidir gur ghá na lipéid ar earraí eile a léamh go cúramach. Coinnigh súil amach do cháis agus iógart ó bhrandaí Éireannacha agus tú ag siopadóireacht. Ceannaigh iasc úr ón gceannaí éisc áitiúil más féidir. Coinnigh súil amach le haghaidh an lógó ‘Bia Mara ó Fhoinse Fhreagrach’ freisin. Léigh an lipéad ionaid tionscnaimh ar an mbia a roghnaíonn tú i gcónaí – is é sin an lipéad a insíonn duit cá as ar tháinig an táirge.
  • Is féidir linn féilire shéasúrach Bhord Bia (https://www.bordbia.ie/whats-in-season/best-in-season/calendar/september) a úsáid lena fháil amach cé na cineálacha bia atá i séasúr. Mar shampla, bíonn úlla i séasúr ó mhí Mheán Fómhair agus bíonn sútha talún i séasúr i mí na Bealtaine.
  • Bíonn earraí á dtabhairt go hÉirinn ar eitleáin, ar longa agus ar leoraithe. B’fhéidir gur bianna sláintiúla iad na bianna a bhíonn á n-iompórtáil agus b’fhéidir gur ghá dúinn iad a ithe. An rud is tábhachtaí, mar sin féin, ná iarracht a dhéanamh bia áitiúil atá i séasúr a roghnú nuair is féidir. Ach bia a fhástar nó a tháirgtear go háitiúil a ithe, laghdaímid an bia-aistear agus tacaímid le feirmeoirí in Éirinn.
  • Bíonn pacáistíocht phlaisteach ar chuid mhór de na bianna sa mhargadh. Is féidir linn bianna pacáistithe a sheachaint ach torthaí agus glasraí gan phacáistíocht a roghnú agus úsáid a bhaint as málaí in-athúsáidte. Cabhraíonn sé sin le dramhaíl bhia a laghdú.
  • Cuirtear trian de bhia an domhain amú gach bliain toisc go dtéann sé ó mhaith sula n-itear é. Nuair a chuirtear san áireamh na hacmhainní a úsáidtear chun bia a tháirgeadh, ní haon iontas go gcuireann dramhaíl bhia go mór leis an athrú aeráide.
  • Nuair a ithimid aiste chothrom bhia, is féidir linn a bheith cinnte go mbíonn na cineálacha bia a theastaíonn uainn le bheith sláintiúil agus láidir á n-ithe againn agus go mbíonn an méid ceart bia á ithe againn freisin ionas nach n-úsáidfimid an iomarca acmhainní agus nach gcuirfimid amú iad ach an oiread. Féach Plean Ceachta 1: Táirgí Déiríochta i m’Aiste Bhia.

Gníomhaíocht Bheirte

Iarr ar na daltaí dul ag obair i mbeirteanna agus an bhileog gníomhaíochta Eolach ar an Margadh a líonadh isteach. Pléigh na roghanna a rinne siad ar an mbileog oibre, agus féach ar éirigh leo na roghanna ab fhearr don chomhshaol a roghnú.

Gníomhaíocht Phearsanta

Dear póstaer don bhranda bainne áitiúil nó don Scéim Bainne Scoile. Bíodh an gealltanas Saothraithe i bPoblacht na hÉireann le feiceáil air. Cruthaigh sluán agus cur síos a chuirfeadh ina luí ar dhaoine táirgí áitiúla a cheannach! Cuir an póstaer ar taispeáint sa seomra ranga.

Gníomhaíochtaí Fairsingithe

  1. Tabhair cuireadh d’fheirmeoir labhairt leis an rang faoi cé chomh tábhachtach atá sé táirgí áitiúla agus bia áitiúil a cheannach.
  2. Fásaigí bhur gcuid plandaí féin sa seomra ranga! Cuir roinnt luibheanna nó glasraí in éineacht leis na daltaí.
  3. Spreag na daltaí chun iarracht a dhéanamh a gcuid dramhaíola a laghdú ach leas a bhaint as a bhfuil sa chuisneoir acu. Is féidir bainne agus iógart a chur le chéile le caora nó banana lánaibí chun caoineog álainn torthaí a dhéanamh. Is féidir anraith blasta glasraí a dhéanamh le brocailí sleabhctha nó trátaí boga in áit iad a chaitheamh sa bhosca bruscair! Tabhair ár dteimpléad oidis ar leathanach 25 do na daltaí le tabhairt abhaile leo!

Tabhair leat abhaile é

  1. An chéad uair eile a rachaidh tú chun an mhargaidh, aimsigh 5 chineál bia a tháirgtear nó a fhástar in Éirinn. Ná déan dearmad súil a choinneáil amach don ghealltanas Saothraithe i bPoblacht na hÉireann ar bhainne!
  2. Taispeáin an bhileog ghníomhaíochta Eolach ar an Margadh do do theaghlach agus déan tástáil bhreise ar chuid de na cineálacha bia atá sa bhaile agaibh. Cá fhad a bhí bia-aistir na dtáirgí bia sin? Déan conradh teaghlaigh chun níos mó bia áitiúil a cheannach.
ÍOSLÓDÁIL ANOIS féachaint ar fhíseán

Cuspói

Chun feasacht na ndaltaí ar thábhacht na feirmeoireachta déiríochta a fhorbairt, mar aon lena dtuiscint ar shaol an fheirmeora agus ar na próisis atá i gceist le táirgeadh déiríochta.

Fad: 30 nóiméad (nó mar sin)

NAISC CHURACLAIM

Tíreolaíocht:

Timpeallachtaí daonna Daoine atá ina gcónaí agus ag obair sa cheantar áitiúil áit in Éirinn i gcodarsnacht leis sin Daoine ag obair

Focail an Lae

Dul ar féarach

Ainmhithe, cosúil le ba, ag beathú ar fhéar atá ag fás.

Paistéaradh

An bainne á théamh go teocht ard ar feadh tréimhse ghearr ama (m.sh. 72 céim Celsius ar feadh 15 shoicind) agus ansin é a fhuarú go han-tapa.

Homaiginiú

Nuair a scaiptear na cáithníní uachtair i mbainne go cothrom ar fud an bhainne ionas nach n-ardóidh an t-uachtar chuig an mbarr.

Bleánlann

Foirgneamh ar fheirm dhéiríochta a úsáidtear chun ba a bhleán.

Plé Ranga

Fiafraigh de na daltaí an bhfuil aon eolas acu ar an bhfeirmeoireacht déiríochta cheana agus, má tá, iarr orthu é a phlé trí na ceisteanna seo a leanas a chur orthu:

  1. Cad iad na cineálacha feirmeoireachta is féidir leat a ainmniú? (m.sh. curaíocht, beostoc, feirmeoireacht mheasctha, déiríocht).
  2. Cad is feirmeoireacht déiríochta ann? (Is é an cineál feirmeoireachta a tháirgeann táirgí déiríochta cosúil le bainne, iógart agus cáis).
  3. An raibh tú riamh ar fheirm dhéiríochta? Déan cur síos ar an méid a d’fheicfeá de ghnáth ar fheirm dhéiríochta (m.sh. ba, bleánlann, bliteoirí, sadhlas, féar).
  4. Ag cuimhneamh siar ar Cheacht 1, Déiríocht i m’Aiste Bhia, an féidir leat aon táirgí a d’fhéadfaí a tháirgeadh ar fheirm dhéiríochta a ainmniú? (m.sh. bainne, cáis, iógart).

Plé Beirte

Iarr ar na daltaí smaoineamh ar conas a thugann feirmeoirí aire do na ba ar fheirm dhéiríochta. Iarr orthu a gcuid smaointe a phlé le dalta eile agus iarr ar gach beirt a gcuid smaointe a roinnt leis an rang.

Leideanna plé:

  • Tugann feirmeoirí easair do na ba le codladh uirthi.
  • Mar gheall ar aeráid na hÉireann, is féidir le feirmeoirí ba a fhágáil chun dul ar féarach ar fhéar úr amuigh faoin spéir 240 lá sa bhliain ar an meán.
  • Bogann feirmeoirí ba ó pháirc go páirc ionas go mbeidh go leor féir acu le hithe.
  • Tugann feirmeoirí na ba isteach faoi dhíon agus an aimsir fuar sa gheimhreadh agus déanann siad cinnte de go mbíonn bia acu le hithe, amhail sadhlas agus grán buí.
  • Coinníonn na feirmeoirí na bóithigh agus na bleánlanna deas glan.
  • Déanann feirmeoirí cinnte de go dtagann tréidlia ar cuairt chuig an bhfeirm chun a chinntiú go bhfanann na ba sláintiúil.

Gníomhaíocht Bheirte

Tosaigh le díospóireacht ranga ina n-iarrann tú ar na daltaí smaoineamh ar an bpróiseas táirgthe bainne i bhfeirm dhéiríochta. Déan nótaí de na príomhphointí ar an gclár bán.

Ansin tabhair cóip den bhileog ghníomhaíochta ‘Ón bhFéar go dtí do Mhéar’ do gach dalta. Iarr orthu ina mbeirteanna breathnú ar 8 gcéim an phróisis táirgthe bainne ‘Ón bhFéar go dtí do Mhéar agus ansin uimhreacha a chur orthu chun iad a chur san ord ceart. Pléigh an t-ord ceart mar rang agus labhair trí gach ceann de na céimeanna sa phróiseas táirgthe bainne. *(Tá an t-ord ceart ar leathanach 23).

Gníomhaíocht Phearsanta

Iarr ar na daltaí ord ceart an phróisis táirgthe bainne a scríobh ina gcóipleabhar agus gach céim de a scríobh arís ina bhfocail féin.

Gníomhaíochtaí Fairsingithe

  1. Iarr ar na daltaí a shamhlú gur feirmeoirí déiríochta sainiúla iad atá díreach tar éis duine a fhostú chun dul ag obair ar a bhfeirm. Iarr orthu treoracha a scríobh maidir le bheith ag obair ar fheirm dhéiríochta chun cuidiú lena gcúntóir nua.
  2. Iarr ar na daltaí a shamhlú gur feirmeoirí déiríochta iad agus a gcartán bainne féin a dhearadh.
  3. Iarr ar na daltaí i ngrúpaí a bpóstaer féin ‘Ón bhFéar go dtí do Mhéar’ a chruthú le cur ar taispeáint ar fud na scoile.

Ón bhFéar go dtí do Mhéar – Na 8 gcéim de tháirgeadh bainne

Céim 1 – Cothaítear ba ar fhéar úr cothaitheach

Céim 2 – Déantar ba a bhleán dhá uair sa lá sa bhleánlann. Stóráiltear an bainne a bhailítear faoi bhun 4° Celsius in umar bainne agus bailíonn tancaeir chuisnithe ón bhfeirm é gach 2-3 lá.

Céim 3 – Sula mbailítear bainne ón bhfeirmeoir, glacann an tiománaí samplaí chun caighdeán an bhainne a thástáil.

Céim 4 – Nuair a thagann an tiománaí chuig an déirí, pumpálann sé an bainne amach as an tancaer isteach i gcoimeádáin mhóra chuisnithe. Déantar an tancaer a ní go cúramach ar an taobh istigh agus ansin bíonn sé réidh chun tuilleadh bainne a bhailiú ar an lá dár gcionn.

Céim 5 – Déantar tástáil ar cháilíocht agus glaineacht an bhainne arís sa déirí, ach is é oibrí saotharlainne a dhéanann an tástáil an uair seo.

Céim 6 – Déantar bainne a phaistéaradh chun a chinntiú nach bhfuil frídíní ann. Is é Louis Pasteur a chum an paistéaradh agus is é atá i gceist leis ná an bainne a théamh go teocht ard ar feadh tréimhse ghearr ama (72° Celsius ar feadh 15 shoicind), agus ansin é a fhuarú go han-tapa. Déantar céim amháin eile i gcás cuid den bhainne, is é sin an homaiginiú.

Céim 7 – Déantar an bainne a líonadh isteach i gcoimeádáin éagsúla ansin. Ina dhiaidh sin, luchtaítear leoraithe le crátaí bainne le seachadadh chuig an teach nó chuig an siopa. Déantar cuid de a sheachadadh go díreach chuig scoileanna.

Céim 8 – Mar sin, an chéad uair eile a bheidh tú ag baint taitneamh as gloine bainne bhlasta, is féidir leat a bheith cinnte go bhfuil tú ag ól deoch ar ardchaighdeán, atá idir nádúrtha agus chothaitheach.

Tabhair leat abhaile é

Spreag na daltaí chun an teachtaireacht a thabhairt abhaile maidir lena thábhachtaí atá an fheirmeoireacht déiríochta. Mar obair bhaile, is féidir leat iarraidh ar na daltaí na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  1. Féach ar na táirgí déiríochta atá sa chuisneoir agus sainaithin an áit ar foinsíodh iad. Mar shampla, an bhfuarthas aon rud ó fheirm áitiúil?
  2. An bhfuil gealltanas na Comhairle Náisiúnta Déiríochta ‘Saothraithe i bPoblacht na hÉireann’ ar an mbainne sa chuisneoir?
  3. An bhfuil aithne acu ar fheirmeoir déiríochta áitiúil?
  4. Taifead cé mhéad lítear bainne a ólann gach ball den teaghlach le himeacht na seachtaine. Déan comparáid eatarthu.
ÍOSLÓDÁIL ANOIS féachaint ar fhíseán

Gníomhaithe Ranga

póstaeir

dental-health-poster-senior
grass-to-glass-poster-irish
dairy-challenge-poster-irish