Sóisearaigh

PLEAN CEACHTA

Cuspóir

Tuiscint na ndaltaí a fhorbairt ar tháirgí déiríochta mar cheann de na príomhghrúpaí bia agus mar chuid d’aiste bhia atá idir chothrom agus sláintiúil.

Fad: 30 nóiméad (nó mar sin).

Naisc leis an gCuraclam

SPHE:

Mise Ag tabhairt aire do mo chorp Bia agus cothú

Focail an Lae

Déiríocht

Bainne agus táirgí a dhéantar as bainne, mar shampla cáis agus iógart.

junior-lesson-plan-nutrients

Cothaithigh

Substaintí a fhaighimid ónár gcuid bia a chabhraíonn linn ár gcorp a choinneáil ag obair go sláintiúil m.sh. vitimíní agus mianraí.

junior-lesson-plan-pyramid

Pirimid an Bhia

Taispeántas i gcruth pirimide ina gcuirtear bianna ina bhfuil an cineál céanna cothaitheach i ngrúpa.

junior-lesson-plan-balanced-diet

Aiste chothrom bhia

An riar molta bia a ithe ó ghrúpaí éagsúla bia.

Plé Ranga

  • Is féidir leis na cineálacha bia a ithimid agus ár leibhéil gníomhaíochta fisiciúla difear a dhéanamh do shláinte ár gcnámh.
  • Chomh maith le cailciam, is cothaitheach tábhachtach é vitimín D ar mhaithe le sláinte na gcnámh. Bíonn sé le fáil i mbianna mar iasc lán ola (bradán), ubh (buíocán) agus táirgí déiríochta a bhfuil vitimín D breise curtha iontu.
  • Tá gníomhaíochtaí rialta coirp, ina gcuirtear meáchan ár gcoirp ar ár gcosa, an-tábhachtach ar fad do shláinte na gcnámh freisin. I measc na ngníomhaíochtaí sin, tá damhsa, rith, gleacaíocht, leadóg agus cispheil.

bia sláintiúil

Gníomhaíocht Ghrúpa

Iarr ar na daltaí comhrá a dhéanamh i ngrúpaí faoi na bianna is fearr leo ón ngrúpa ‘bainne, iógart agus cáis’ agus plé a dhéanamh ar an gcaoi a gcuireann siad iad san áireamh ina n-aiste bhia i rith an lae. Iarr ar dhaltaí, mar ghrúpa, liosta a scríobh de na bealaí a gcuireann siad táirgí déiríochta san áireamh ina n-aiste bhia. Mar shampla:

  • Tús a chur leis an lá le babhla leite te atá déanta le bainne.
  • Cartán nó buidéal bainne scoile a ól gach lá.
  • Ciúbanna cáise agus píosaí úill a ithe ag am sosa.
  • Iógart nádúrtha agus caora a ithe mar chuid den lón scoile.
  • Bainne a chur in anraith nó in anlann ag am dinnéir.
  • Sneaic a dhéanamh de cháis leáite ar thósta slánghráinneach.
  • Bainne a chur in uibheacha scrofa nó in uibheagán don dinnéar.
  • Cupán bainne the a ól roimh dhul a luí.

Gníomhaíocht Aonair

Iarr ar na daltaí cuimhneamh ar bhealaí nua ar féidir leo an grúpa bia ‘bainne, iógart agus cáis’ a chuimsiú ina n-aiste bhia, agus iarr orthu a smaointe a bhreacadh síos ar an mbileog ghníomhaíochta.

Gníomhaíochtaí Fairsingithe

  1. Iarr ar na daltaí póstaer a dhearadh i ngrúpaí lena 5 bPríomhleid chun taitneamh a bhaint as táirgí déiríochta. Cuir ar taispeáint timpeall an tseomra ranga nó na scoile é.
  2. Déan suirbhé ranga ar na cineálacha bia is fearr le daoine ón ngrúpa bia ‘bainne, iógart agus cáis’. Cad é an bia is coitianta? Cruthaigh picteagram chun an fhaisnéis sin a léiriú.

Tabhair leat abhaile é

Spreag na daltaí chun an teachtaireacht a thabhairt abhaile maidir leis an tábhacht a bhaineann le táirgí déiríochta mar chuid d’aiste bhia chothrom. Mar ghníomhaíocht oibre baile, is féidir leat an méid a leanas a iarraidh ar na daltaí:

  1. Liostaigh na táirgí bainne, iógairt agus cáise ina gcuisneoir.
  2. Iarr ar dhuine fásta cabhrú leo béile a dhearadh agus a ullmhú dá dteaghlach leis an ngrúpa bia ‘bainne, iógart agus cáis’.
  3. Déan agallamh simplí teaghlaigh – an bhfuil a dteaghlach ag fáil an riar mholta ón ngrúpa bia ‘bainne, iógart agus cáis’ gach lá? Cad iad na cineálacha bia déiríochta is fearr leis na daoine dá dteaghlach – bainne, iógart nó cáis? Cén cineál béile déiríochta eile is fearr leo?
ÍOSLÓDÁIL ANOIS féachaint ar fhíseán

Cuspóir

Feasacht na ndaltaí a fhorbairt maidir lena thábhachtaí atá gníomhaíocht choirp dá sláinte.

Fad: 30 nóiméad (nó mar sin)

Naisc leis an gCuraclam

OSPS:

Mise Ag tabhairt aire do mo chorp Bia agus Cothú/Sláinte agus folláine

Focail an Lae

Táirgí Déiríochta

Bainne agus táirgí a dhéantar as bainne, mar shampla cáis agus iógart.

junior-lesson-plan-bones

Cnámha

Fíochán crua inár gcorp. Tá cnámharlach an duine comhdhéanta díobh.

junior-lesson-plan-excercise

Cleachtadh Glactha Meáchain

Aon chleachtadh ina gcuirtear meáchan iomlán ár gcoirp ar ár gcosa, mar shampla, rith, scipeáil agus an chuid is mó de na spóirt foirne.

junior-lesson-plan-calcium

Cailciam

Mianra (cineál cothaithigh) atá tábhachtach le haghaidh fáis. Cuidíonn sé leis na matáin agus leis na cnámha forbairt agus tá sé tábhachtach dár gcuid fiacla. Is foinsí cailciam iad bainne, iógart agus cáis.

Plé Ranga

Anois iarr ar na daltaí smaoineamh ar na bealaí ar féidir linn aire a thabhairt dár gcnámha.

Pléigh na pointí a leanas:

  • Fásann ár gcnámha agus éiríonn siad níos láidre agus muid óg, agus mar sin tá sé tábhachtach aire a thabhairt dóibh. Is féidir linn cabhrú chun cnámha láidre agus sláintiúla a fhorbairt trí na cineálacha cearta bia a ithe agus trí bheith gníomhach.
  • Tá cailciam tábhachtach d’fhás ár gcnámh. Is foinsí iontacha cailciam iad bainne, iógart agus cáis.
  • Is féidir taitneamh a bhaint as an ngrúpa bia ‘bainne, iógart agus cáis’ go héasca mar chuid d’aiste shláintiúil bhia. Moltar trí riar sa lá do leanaí atá 5-8 mbliana d’aois. Moltar cúig riar sa lá dóibh siúd atá 9-18 mbliana d’aois.
  • Is ionann riar amháin agus gloine bhainne 200ml, pota iógairt 125g, nó píosa de cháis chrua 25g, m.sh. cáis chéadair.
  • Tá Vitimín D an-tábhachtach freisin ó thaobh shláinte na gcnámh de.

Spreag na daltaí leis an nasc a dhéanamh idir riachtanais bhia agus fuinnimh. Mínigh dóibh go gcaithfidh siad ithe chun cabhrú leo a bheith gníomhach i rith an lae.

Gníomhaíocht Ghrúpa

I ngrúpaí beaga, iarr ar na daltaí cluiche a dhearadh atá bunaithe ar chleachtaí iompartha meáchain agus atá maith do shláinte a gcnámh (rith, scipeáil, léim, cluichí liathróide).

Mar shampla – cleas na bacóide dá gcuid féin a cheapadh, cluiche scipeála nua a cheapadh, cluiche a chruthú a thugann an deis dóibh léim agus rudaí a chaitheamh, srl.

Gníomhaíochtaí Fairsingithe

  1. Iarr ar na grúpaí an cluiche nua a chruthaigh siad a mhúineadh do na leanaí eile sa rang.
  2. Bíodh lá spóirt ranga agaibh agus bíodh cluichí na ndaltaí féin mar chuid de na gníomhaíochtaí.
  3. Déan tionscadal staire faoi chluichí traidisiúnta scoile den chineál glactha meáchain agus cuir ar taispeáint sa scoil é.

Tabhair leat abhaile é

Spreag do chuid daltaí chun an teachtaireacht a thabhairt abhaile maidir lena thábhachtaí atá gníomhaíocht choirp mar chuid de stíl mhaireachtála shláintiúil. Mar ghníomhaíocht oibre baile, is féidir leat iarraidh ar na daltaí an méid a leanas a dhéanamh:

  1. Siúlóid teaghlaigh a eagrú.
  2. Dul ag siúl lena madra féin nó le madra na gcomharsan (le duine fásta).
  3. Spórt foirne a imirt lena dteaghlach.
  4. Dialann gníomhaíochtaí fisiciúla a choinneáil, ina dtaifeadtar na gníomhaíochtaí a dhéanann siad féin agus daoine eile dá dteaghlach gach seachtain.
ÍOSLÓDÁIL ANOIS féachaint ar fhíseán

Cuspóir

Tuiscint na ndaltaí ar shláinteachas fiacla fiacla a fhorbairt, mar aon leis an tábhacht a bhaineann le haiste chothrom shláintiúil bhia don dea-shláinteachas fiacla.

Fad: 30 nóiméad (nó mar sin)

Naisc leis an gCuraclam

OSPS:

Mise Ag tabhairt aire do mo chorp Bheith eolach faoi mo corp/Bia agus Cothú

junior-lesson-plan-plaque

Plaic

Substaint ghreamaitheach atá déanta de na frídíní is cúis le lobhadh fiacla.

junior-lesson-plan-tooth-decay

Lobhadh fiacla

Nuair a ithimid nó nuair a ólaimid rud éigin ina bhfuil siúcra, cruthaítear aigéid sa bhéal. Is iad frídíní a mhaireann sa phlaic fiacaile ar dhromchla na bhfiacla a dhéanann na haigéid sin. Tosaíonn na haigéid ar dhromchla cruain na fiacaile a bhriseadh síos, rud a lobhann an fhiacail.

junior-lesson-plan-enamel

Cruan

Is é is cruan ann ná dromchla crua seachtrach na bhfiacla. Clúdaíonn cruan na fiacla agus cosnaíonn sé iad.

Fluairíd

Cabhraíonn fluairíd na fiacla a dhéanamh sláintiúil agus láidir, agus cabhraíonn sí freisin cosc a chur ar lobhadh fiacla.

Plé Ranga

Cuir in iúl do na daltaí go mbeidh tú ag foghlaim faoi shláinteachas fiacla. Iarr ar na daltaí cad a thuigeann siad leis an téarma sin. Mínigh gurb é atá i gceist leis ná aire a thabhairt don bhéal, do na fiacla agus don drandal.

Mar rang, pléigh 1) cén fáth a bhfuil sláinteachas fiacla tábhachtach agus 2) conas sláinteachas maith fiacla a bheith agat. Mar shampla:

  1. Cén fáth a bhfuil sláinteachas fiacla tábhachtach?
  • De dheasca droch-shláinteachas fiacla is féidir tinneas fiacaile, lobhadh fiacaile nó galar an drandail a bheith ar dhuine.
  • Is féidir drochanáil a bheith ag duine de dheasca drochshláinteachas fiacla.
  • Dá fheabhas do shláinteachas fiacla agus tú óg is ea is láidre a bheidh d’fhiacla nuair a bheidh tú níos sine.
  • Tá fiacla tábhachtach le bheith ag ithe, ag caint agus ag déanamh gáire

Mínigh lobhadh fiacla (féach focail an lae don sainmhíniú air). Ar an dea-uair, tá a chosaint féin ag an mbéal i gcoinne lobhadh fiacla. 20 nóiméad tar éis rud éigin siúcrúil a ithe nó a ól, mura nglactar níos mó siúcra isteach, tosaíonn an t-aigéad ag neodrú agus filleann dromchla na fiacaile ar ais ar an ngnáthstaid. Sin é an fáth a bhfuil sé tábhachtach gan deochanna ná sneaiceanna siúcrúla a ithe idir béilí.

2. Conas sláinteachas maith fiacla a bheith agat:

  • Ith béilí agus sneaiceanna sláintiúla.
  • Is iad uisce agus bainne na deochanna is fearr le haghaidh fiacla sláintiúla.
  • Ith táirgí déiríochta cosúil le bainne, iógart nádúrtha agus cáis (cineálacha ar bheagán saille atá molta) mar gur foinsí iontacha cailciam iad, rud a chabhraíonn leat d’fhiacla a choinneáil sláintiúil.
  • Seachain sneaiceanna siúcrúla cosúil le milseáin, seacláid, brioscaí agus deochanna siúcrúla, mar is féidir le sneaiceáil ar bhianna ina bhfuil cuid mhór siúcra fiacla a lobhadh.
  • Glan do dhrandal agus d’fhiacla i gceart.
  • Scuab d’fhiacla dhá uair sa lá.

Plé Beirte

Léigh na ceisteanna seo a leanas faoi shláinteachas fiacla amach os ard agus iarr ar na daltaí iad a phlé ina mbeirteanna, agus ina dhiaidh sin tagaigí le chéile mar rang agus déanaigí plé (freagraí idir lúibíní thíos).

  1. Cé chomh minic ba chóir duit do chuid fiacla a scuabadh, meas tú? (Dhá uair sa lá)
  2. Conas ba chóir duit do chuid fiacla a scuabadh? (Féach thíos)
  3. Cá fhad ba chóir duit a chaitheamh ag scuabadh do chuid fiacla? (2-3 nóiméad)

Tabhair breac-chuntas ar an gcaoi chun fiacla a scuabadh:

  • Faigh cabhair le do chuid fiacla a scuabadh.
  • Scuab dhá fhiacail ag an am (leithead cheann na scuaibe fiacla).
  • Comhair suas go dtí a deich do gach dhá fhiacail atá á scuabadh agat.
  • Scuab an drandal agus na fiacla le scuab fiacla agus beagán taos fiacla fluairíde (1,000 ppm ar a laghad) i ngluaiseacht réidh chiorclach. (Féach na pictiúir)
  • Scuab na fiacla ag an mbarr agus ag an mbun.
  • Scuab na dromchlaí amuigh agus istigh de na fiacla agus den drandal, chomh maith leis an dromchla coganta.
  • Caith amach as do bhéal an taos fiacla – níor cheart rinseáil.

Gníomhaíocht Ghrúpa

Iarr ar na daltaí obair a dhéanamh ina ngrúpaí. Tabhair cóip den bhileog ghníomhaíochta ‘Leideanna Luachmhara ar Leas na bhFiacla’ do gach grúpa, agus iarr orthu na habairtí ó A agus B a mheaitseáil chun na 8 n-abairt a chríochnú. Tar éis roinnt ama, déan plé ranga air.

Leideanna maithe ar leas na bhFiacla – Réiteach

  1. Scuab do chuid fiacla dhá uair gach aon lá, ag am luí agus uair amháin eile le linnan lae.
  2. Bain úsáid as scuab fiacla bog/meánach agus as taos fiacla fluairíde chun do chuid fiacla a scuabadh.
  3. Chun do chuid fiacla a scuabadh mar is ceart ba cheart go dtógfadh sé 2-3 nóiméad (fad amhráin nó mar sin).
  4. Caith an taos fiacla amach as do bhéal tar éis scuabtha – ná rinseáil
  5. Ná bí ag ithe ná ag slogadh taos fiacla in am ar bith
  6. Athraigh do scuab fiacla nuair a bhíonn na guairí caite.
  7. Faigh cabhair le do chuid fiacla a scuabadh. Beidh cabhair ag teastáil uait chun do chuid fiacla a scuabadh go díreach mar a theastaíonn cabhair uait le hiallacha do chuid bróg a cheangal nó le do chuid gruaige a ní.
  8. Nuair atá tú ag scuabadh do chuid fiacla, tá sé tábhachtach gach aon fhiacail a ghlanadh.

Gníomhaíochtaí Fairsingithe

  1. Iarr ar na daltaí póstaer a dhearadh le seicliosta chun aire a thabhairt dá gcuid fiacla.
  2. Iarr ar na daltaí treoracha a scríobh maidir le fiacla a scuabadh i stíl ghreannáinn.
  3. Imir Biongó Fiacla sa seomra ranga: Dental Bing

Tabhair leat abhaile é

Spreag na daltaí chun an teachtaireacht a thabhairt abhaile faoin tábhacht a bhaineann le haiste chothrom shláintiúil bhia le haghaidh dhea-shláinte na bhfiacla. Mar ghníomhaíocht oibre baile, is féidir leat iarraidh ar do dhaltaí an méid a leanas a dhéanamh:

  1. Liostaigh an bia atá acu sa bhaile atá go maith do na fiacla.
  2. Coinnigh taifead go ceann seachtaine ar cé chomh minic a scuabann siad a gcuid fiacla agus seiceáil cé chomh maith agus a d’éirigh leo.
  3. Féach láithreán gréasáin an Fhorais Sláinte Fiacla chun teacht ar leideanna nua lán le spraoi! www.dentalhealth.ie/resources/educational
ÍOSLÓDÁIL ANOIS féachaint ar fhíseán

Cuspóir

Tuiscint na ndaltaí a fhorbairt ar thionchar an táirgthe bia agus déiríochta ar an athrú aeráide, ar a thábhachtaí atá sé ithe go hinbhuanaithe, agus feasacht a mhúscailt ar roghanna bia inbhuanaithe.

Fad: 30 nóiméad (nó mar sin).

Naisc leis an gCuraclam

OSPS:

Mé Féin agus an Domhan Mór Ag Forbairt Saoránachta Cúram Imshaoi

Tíreolaíocht:

Feasacht agus Cúram Imshaoil Ag Tabhairt Aire don Dúiche Timpeall orm

Focail an Lae

Gáis ceaptha teasa

Gáis, mar shampla CO2, ag teacht le chéile in atmaisféar an Domhain.Athrú Aeráid

Athrú Aeráide

Is iomaí gníomhaíocht a bhíonn ar siúl ag daoine lena ngintear gáis ceaptha teasa. Feidhmíonn na gáis seo mar a bheadh pluid ann, rud a fhágann go bhfuil an domhan ag téamh de réir a chéile. Ciallaíonn sé seo go bhfuil aeráidí ag athrú ar fud an domhain.

Táirgeadh bia

An chaoi a ndéantar ár mbia a fhás, a phróiseáil agus a phacáistiú sula dtagann sé chomh fada leis an ollmhargadh.

Bia-aistear

Fad an aistir a bhíonn ag an mbia ón bhfeirm go dtí an pláta. Dá fhad an t-achar a bhíonn le déanamh ag an mbia, is ea is mó a bhia-aistear.

Táirgeadh féarbhunaithe déiríochta

Aeráid (nó aimsir) chineálta fhliuch atá againn in Éirinn. Fágann sé sin go bhfuil féarthailte saibhre againn, atá iontach maith don fheirmeoireacht fhéarbhunaithe déiríochta. Is éard is ainmhithe féar-bheathaithe ann ná ainmhithe nach n-itheann ach féar den chuid is mó.

junior-lesson-plan-climate-change

Ithe go hinbhuanaithe

Is éard atá i gceist leis seo ná bianna a roghnú atá go maith dár gcorp, ach a chuireann teorainn leis an drochthionchar ar an gcomhshaol ag an am céanna. Le hithe níos inbhuanaithe, is féidir linn: Féachaint ar Phirimid Bhia na Roinne Sláinte, a chabhróidh linn roghanna sláintiúla a dhéanamh; bianna a bhfuil níos lú pacáistithe acu a roghnú; dramhaíl bhia a laghdú; bianna áitiúla agus séasúracha a roghnú.

Plé Grúpa

Abair leis na daltaí go mbeidh siad ag foghlaim faoi tháirgeadh bia agus déiríochta agus faoi ithe go hinbhuanaithe. Iarr ar na daltaí, atá ag obair i ngrúpaí, an roinn ‘focail an lae’ a úsáid agus cuid de na pointí seo a leanas a phlé, agus a gcuid smaointe a bhreacadh síos ar mheabhairmhapa:

  1. Céard atá ar eolas agat mar gheall ar tháirgeadh bia?
  2. Céard atá i gceist le táirgeadh féarbhunaithe déiríochta?
  3. Cén fáth, dar leat, a bhfuil córas táirgthe bainne na hÉireann ar cheann de na córais is fearr dá leithéid ar domhan?
  4. Cá bhfios dúinn go saothraítear bainne ar fheirmeacha i bPoblacht na hÉireann?
  5. Cén saghas roghanna bia is féidir linn a dhéanamh chun ithe go hinbhuanaithe?
  6. Cén bhaint idir ár roghanna bia agus an t-athrú aeráide?

Iarr ar gach grúpa a meabhairmhapa a phlé leis an rang. Trí thagairt don léaráid thuas ar leathanach 15, forbair na smaointe a pléadh sna grúpaí roimhe seo, agus úsáid na pointí seo a leanas mar threoir:

  • Úsáidtear acmhainní nádúrtha amhail talamh agus uisce sa tairgeadh bia, agus cuimsítear ann gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh cur le gáis ceaptha teasa amhail talmhaíocht, iompar agus dramhaíl.
  • Bíonn cuid de na méideanna is ísle gás ceaptha teasa san Aontas Eorpach á scaoileadh ó fheirmeacha déiríochta in Éirinn.
  • Is inbhuanaithe don chomhshaol an táirgeadh déiríochta féarbhunaithe ná modhanna táirgthe déiríochta eile. Bíonn na ba amuigh ar féarach glas méith 240 lá sa bhliain ar an meán mar thoradh ar an aeráid chineálta fhliuch atá againn!
  • Bíonn suas le 20% níos lú uisce in úsáid inár dtáirgeadh déiríochta féarbhunaithe i gcomparáid le formhór na dtíortha eile san Eoraip. Is ón mbáisteach a fhaightear 99% den uisce a úsáidtear ar fheirmeacha na hÉireann, agus is fíorbheag ar fad an tionchar a bhíonn aige sin ar an strus uisce.
  • Súnn féaraigh carbón isteach ón atmaisféar, rud a chabhraíonn cúiteamh a dhéanamh ar chuid de na hastaíochtaí carbóin a mbíonn an fheirmeoireacht talmhaíochta ina cúis leo.
  • Bíonn bia-aistear níos lú i gceist le bia séasúrach a fhástar nó a fhaightear go háitiúil.
  • Is mór an chabhair é chun dramhaíl a laghdú bia gan pacáistíocht ar bith nó bia le pacáistíocht in-bhithmhillte a roghnú.
  • Tugann an ráthaíocht Saothraithe i bPoblacht na hÉireann le fios go ndearnadh an bainne a fhoinsiú agus a phróiseáil i bPoblacht na hÉireann agus go dtacaíonn sé le poist áitiúla ar fheirmeacha déiríochta dá bhrí sin.

Plé Ranga

Taispeáin liosta de na cineálacha bia seo a leanas ar an gclár: bainne, iógart, cáis, iasc, prátaí, bananaí, sútha talún, abhacáid, anainn, oráistí, cairéid, agus sillithe. Pléigh cuid de na pointí seo a leanas:

  • Cé na rudaí ar an liosta sin ar féidir iad a fhás nó a tháirgeadh in Éirinn, dar leat?
  • An mbíonn éagsúlacht mhór nó brandaí éagsúla de na cineálacha bia sin le feiceáil sa mhargadh?
  • An aithníonn tú brandaí Éireannacha (mar shampla bainne, iógart, cáis)?
  • Cén uair a bhíonn na cineálacha bia sin i séasúr (an tráth den bhliain a bhfástar go nádúrtha iad agus nuair is úire iad)?
  • Tabhair buille faoi thuairim cá as do chuid de na bianna sin? Cén tír as a mbíonn abhacáid agus anainn á n-iompórtáil againn, cuir i gcás?
  • Cé na modhanna iompair a d’fhéadfaí a úsáid chun na bianna sin a thabhairt chomh fada linn in Éirinn?
  • Nuair a fheiceann tú na cineálacha bia sin san ollmhargadh, cén saghas pacáistíochta a bhíonn orthu? An bhféachann tú ar an bpacáistíocht nó ar na lipéid?
  • An itheann tú féin agus do theaghlach formhór an bhia a cheannaíonn sibh? Cé mhéad bia a chaitheann sibh amach? Cén chaoi ar féidir linn an méid bia a chuirtear amú a laghdú?

Pléigh na pointí seo a leanas maidir le cothromaíocht a aimsiú idir roghanna cothaithe agus sábháilte chun an tionchar ar an athrú aeráide a laghdú a oiread agus is féidir:

  • Is féidir bainne, iógart agus cáis, cineálacha éagsúla iasc (amhail bradáin agus ronnaigh), prátaí, cairéid agus sútha talún a fhás nó a tháirgeadh anseo in Éirinn, ach déantar cuid mhór díobh a iompórtáil freisin. Is fíor é sin go háirithe nuair a cheannaímid cineálacha bia nach bhfuil i séasúr nó nach bhfuil reoite.
  • Tá fáil againn ar raon mór táirgí éagsúla bainne agus déiríochta ó Éirinn. Ná déan dearmad súil a choinneáil amach don ghealltanas Saothraithe i bPoblacht na hÉireann. B’fhéidir gur ghá na lipéid ar earraí eile a léamh go cúramach. Coinnigh súil amach do cháis agus iógart ó bhrandaí Éireannacha agus tú ag siopadóireacht. Ceannaigh iasc úr ón gceannaí éisc áitiúil más féidir. Coinnigh súil amach le haghaidh an lógó ‘Bia Mara ó Fhoinse Fhreagrach’ freisin. Léigh an lipéad ionaid tionscnaimh ar an mbia a roghnaíonn tú i gcónaí – is é sin an lipéad a insíonn duit cá as ar tháinig an táirge.
  • Is féidir linn féilire shéasúrach Bhord Bia (https://www.bordbia.ie/whats-in-season/best-in-season/calendar/september) a úsáid lena fháil amach cé na cineálacha bia atá i séasúr. Mar shampla, bíonn úlla i séasúr ó mhí Mheán Fómhair agus bíonn sútha talún i séasúr i mí na Bealtaine.
  • Bíonn earraí á dtabhairt go hÉirinn ar eitleáin, ar longa agus ar leoraithe. B’fhéidir gur bianna sláintiúla iad na bianna a bhíonn á n-iompórtáil agus b’fhéidir gur ghá dúinn iad a ithe. An rud is tábhachtaí, mar sin féin, ná iarracht a dhéanamh bia áitiúil atá i séasúr a roghnú nuair is féidir. Ach bia a fhástar nó a tháirgtear go háitiúil a ithe, laghdaímid an bia-aistear agus tacaímid le feirmeoirí na hÉireann.
  • Bíonn pacáistíocht phlaisteach ar chuid mhór de na bianna sa mhargadh. Is féidir linn bianna pacáistithe a sheachaint ach torthaí agus glasraí gan phacáistíocht a roghnú agus úsáid a bhaint as málaí in-athúsáidte. Cabhraíonn sé sin le dramhaíl bhia a laghdú.
  • Cuirtear trian de bhia an domhain amú gach bliain toisc go dtéann sé ó mhaith sula n-itear é. Nuair a chuirtear san áireamh na hacmhainní a úsáidtear chun bia a tháirgeadh, ní haon iontas go gcuireann dramhaíl bhia go mór leis an athrú aeráide.
  • Nuair a ithimid aiste chothrom bhia, is féidir linn a bheith cinnte go mbíonn na cineálacha bia a theastaíonn uainn le bheith sláintiúil agus láidir á n-ithe againn agus go mbíonn an méid ceart bia á ithe againn freisin ionas nach n-úsáidfimid an iomarca acmhainní agus nach gcuirfimid amú iad ach an oiread. Féach Plean Ceachta 1: Táirgí Déiríochta i m’Aiste Bhia.

Obair bheirte

Iarr ar na daltaí dul ag obair i mbeirteanna agus an bhileog ghníomhaíochta Eolach ar an Margadh a líonadh isteach. Pléigh na roghanna a rinne siad ar an mbileog oibre, agus féach ar éirigh leo na roghanna ab fhearr don chomhshaol a roghnú.

Gníomhaíocht Aonair

Dear póstaer don bhranda bainne áitiúil nó don Scéim Bainne Scoile. Cuimsigh an gealltanas Saothraithe i bPoblacht na hÉireann. Cruthaigh sluán (frása gearr a ghreamódh i d’aigne) agus cur síos ar do bhainne a chuirfeadh ina luí ar dhaoine táirgí áitiúla a cheannach! Cuir an póstaer ar taispeáint sa seomra ranga.

Gníomhaíochtaí Fairsingithe

  1. Tabhair cuireadh d’fheirmeoir labhairt leis an rang faoi cé chomh tábhachtach atá sé táirgí áitiúla agus bia áitiúil a cheannach.
  2. Fásaigí bhur gcuid plandaí féin sa seomra ranga! Cuir roinnt luibheanna nó glasraí ag fás in éineacht leis na daltaí.
  3. Spreag na daltaí chun iarracht a dhéanamh a gcuid dramhaíola a laghdú ach leas a bhaint as a bhfuil sa chuisneoir acu. Is féidir bainne agus iógart a chur le chéile le caora nó banana lánaibí chun caoineog álainn torthaí a dhéanamh. Is féidir anraith blasta glasraí a dhéanamh le brocailí sleabhctha nó trátaí boga in áit iad a chaitheamh sa bhosca bruscair! Tabhair ár dteimpléad oidis ar leathanach 25 do na daltaí le tabhairt abhaile leo!

Tabhair leat abhaile é

  1. An chéad uair eile a rachaidh tú chun an mhargaidh, aimsigh 5 chineál bia a tháirgtear nó a fhástar in Éirinn. Ná déan dearmad súil a choinneáil amach don ghealltanas Saothraithe i bPoblacht na hÉireann ar bhainne!
  2. Taispeáin an bhileog ghníomhaíochta Eolach ar an Margadh do do theaghlach agus déan tástáil bhreise le cuid de na bianna atá sa bhaile agat. Cén saghas bia-aistir a bhí ag na bianna sin? Déan conradh teaghlaigh chun níos mó cineálacha bia a cheannach go háitiúil.
ÍOSLÓDÁIL ANOIS féachaint ar fhíseán

Cuspóir

Chun feasacht na ndaltaí ar thábhacht na feirmeoireachta déiríochta a fhorbairt, mar aon lena dtuiscint ar an saol laethúil ar an bhfeirm.

Fad: 30 nóiméad (nó mar sin)

Naisc leis an gCuraclam

Tíreolaíocht:

Timpeallachtaí daonna Ag maireachtáil sa phobal áitiúil Daoine ag obair

Focail an Lae

Dul ar féarach

Ainmhithe, cosúil le ba, ag beathú ar fhéar atá ag fás.

Paistéaradh

An bainne á théamh go teocht ard ar feadh tréimhse ghearr ama (e.g. 72 céim Celsius ar feadh 15 shoicind) agus ansin é a fhuarú go han-tapa.

Homaiginiú

Nuair a scaiptear na cáithníní uachtair i mbainne go cothrom ar fud an bhainne ionas nach n-ardóidh an t-uachtar chuig an mbarr.

Bleánlann

Foirgneamh ar fheirm dhéiríochta a úsáidtear chun ba a bhleán.

Plé Ranga

Cuir thart an mála pónairí – Iarr ar na daltaí a gcuid eolais / taithí roimh ré ar an bhfeirmeoireacht déiríochta a roinnt leis an rang trí mhála pónairí a chur timpeall an ranga. Déanann an dalta a bhfuil an mála pónairí aige/aici ag an am an t-eolas nó an taithí sin a roinnt leis an rang.

Ceisteanna Leide:

  1. Cad is táirgí déiríochta ann? (Is táirgí bia cosúil le bainne, iógart agus cáis iad).
  2. Cad is feirmeoireacht déiríochta ann? (Is é an cineál feirmeoireachta é a tháirgeann táirgí déiríochta ar nós bainne, iógairt agus cáise).
  3. Cén cineál ainmhithe a cheapann tú a bheadh le feiceáil ar fheirm dhéiríochta? (Ba)
  4. An raibh tú riamh ar fheirm dhéiríochta? Déan cur síos ar an méid a d’fhéadfá a fheiceáil ar fheirm dhéiríochta, (m.sh. ba, bleánlann, inneall crúite, sadhlas, féar).

Plé Beirte

Iarr ar na daltaí smaoineamh ar conas a thugann feirmeoirí aire do na ba ar fheirm dhéiríochta. Iarr orthu a gcuid smaointe a phlé le comhpháirtí agus iarr ar gach beirt a gcuid smaointe a roinnt leis an rang.

Nodanna plé:

  • Soláthraíonn feirmeoirí easair do na ba le codladh uirthi.
  • Is féidir le feirmeoirí ba a fhágáil chun dul ar féarach ar fhéar úr lasmuigh ar feadh thart ar 240 lá sa bhliain.
  • Bogann feirmeoirí ba ó pháirc go páirc ionas go mbeidh go leor féir acu le hithe.
  • Tugann feirmeoirí na ba isteach faoi dhíon agus an aimsir fuar sa gheimhreadh.
  • Cinntíonn feirmeoirí go mbíonn sadhlas agus arbhar Indiach, mar shampla, le hithe ag na ba.
  • Coinníonn na feirmeoirí na bóithigh agus na bleánlanna glan.
  • Déanann feirmeoirí cinnte de go dtéann tréidlia ar cuairt chuig an bhfeirm chun a chinntiú go bhfanann na ba sláintiúil.

Gníomhaíocht Bheirte

Tosaigh ag iarraidh ar na daltaí mar rang smaoineamh ar conas a thagann bainne ón bhfeirm go dtí an ghloine ar bhord na cistine. Scríobh na pointí tosaigh plé in airde ar an gclár. Ansin tabhair cóip den bhileog ghníomhaíochta ‘Ón bhFéar go dtí do Mhéar’ do gach dalta. Iarr ar na grúpaí breathnú ar 8 gCéim an Phróisis Táirgithe Bainne. ‘Ón bhféar go dtí do mhéar’, iad a phlé agus ansin uimhreacha a chur ar gach ceann acu agus iad a chur san ord ceart. Déanaigí plé ar an ord ceart mar rang agus pléigí gach ceann de na céimeanna sa phróiseas táirgthe bainne. *(Tá breac-chuntas ar an ord ceart ar leathanach 23).

Gníomhaíocht Aonair

Iarr ar na daltaí scríobh faoi conas a théann bainne ‘ón bhféar go dtí a méar’ ina bhfocail féin.

Gníomhaíochtaí Fairsingithe

  1. Déanann oibrí saotharlainne tástáil ar an mbainne arís ag an déirí.
  2. Iarr ar na daltaí ina ngrúpaí a bpóstaer féin ‘Ón bhFéar go dtí do Mhéar’ féin a chruthú le taispeáint ar fud na scoile.

Tabhair leat abhaile é

Spreag na daltaí chun an teachtaireacht a thabhairt abhaile faoin tábhacht a bhaineann leis an bhfeirmeoireacht déiríochta. Mar ghníomhaíocht oibre baile, is féidir leat iarraidh ar do dhaltaí an méid a leanas a dhéanamh:

  1. Féach ar na táirgí déiríochta sa chuisneoir agus sainaithin cén áit a bhfuarthas iad. Mar shampla, an bhfuarthas aon rud ó fheirm áitiúil?
  2. An bhfuil gealltanas na Comhairle Náisiúnta Déiríochta ‘Saothraithe i bPoblacht na hÉireann’ ar an mbainne ina gcuisneoir?
  3. An bhfuil aithne acu ar fheirmeoir déiríochta áitiúil?
  4. Taifead cé mhéad lítear bainne a ólann gach ball den teaghlach le himeacht seachtaine. Déan comparáid eatarthu.
ÍOSLÓDÁIL ANOIS féachaint ar fhíseán

Gníomhaithe Ranga

póstaeir

dental-health-junior-poster
grass-to-glass-poster-irish
dairy-challenge-poster-irish