Naíonáin

PLEAN CEACHTA

Cuspóir

Tuiscint na ndaltaí a fhorbairt ar tháirgí déiríochta mar cheann de na príomhghrúpaí bia agus mar chuid d’aiste bhia atá idir chothrom agus sláintiúil.

Fad: 30 nóiméad (nó mar sin)

Naisc leis an gCuraclam

OSPE:

Mise Ag tabhairt aire do mo chorp Bia agus cothú

Focail an Lae

infants lesson plan dairy

Déiríocht

Bainne agus táirgí a dhéantar as bainne, mar shampla cáis agus iógart.

Infants Lesson Plan Food Pyramid

Pirimid an Bhia

Pirimid a chabhraíonn linn a fháil amach cé na cineálacha bia a bhaineann lena chéile. Tá seilfeanna ag Pirimid an Bhia ar a bhfuil na cineálacha céanna bia curtha le chéile.

Infants Lesson Plan Balanced Diet

Aiste chothrom bhia

An méid ceart bia agus cineálacha éagsúla bia a ithe.

Plé Ranga

Taispeáin Pirimid Bhia na Roinne agus léirigh an tseilf ‘Bainne, iógart agus cáis’. Iarr ar na daltaí roinnt bianna a ainmniú ón tseilf sin. Ansin, bain úsáid as an bpóstaer chun na smaointe a leanas faoin tseilf a phlé agus déan na pointí plé a thaifeadadh ar an gclár bán.

Simple Food Pyramid Download

  • An riar molta bia – Moltar 3 riar a bheith ag duine ón ngrúpa bia ‘bainne, iógart agus cáis’ gach lá. Mar shampla, is ionann aon riar amháin agus 200ml de bhainne, 125g d’iógart nó 25g de cháis. Moltar dul le táirgí ar bheagán salainn agus saille.
  • Tá bainne, iógart agus cáis ina gcuid thábhachtach d’aiste shláintiúil bhia – is foinsí iontacha cailciam iad, gan trácht ar rudaí tábhachtacha eile a theastaíonn uainn chun ár
    gcorp a choinneáil ag obair, ar nós vitimíní agus mianraí. Teastaíonn cailciam (mianra) uainn chun ár gcnámha agus ár gcuid fiacla a choinneáil sláintiúil.
  • Sláinte chnámh:
  • Is féidir leis na cineálacha bia a ithimid agus ár leibhéil gníomhaíochta fisiciúla difear a dhéanamh do shláinte ár gcnámh.
  • Tá sé tábhachtach aire a thabhairt dár gcnámha nuair atáimid óg mar go bhfuil siad ag fás go han-sciobtha.
  • Tá Vitimín D tábhachtach chun aire a thabhairt dár sláinte cnámh. Is féidir linn vitimín  D a fháil ó iasc (m.sh. bradán), buíocán uibhe, agus táirgí déiríochta atá treisithe le vitimín D
  • Tá sé tábhachtach freisin gníomhaíochtaí fisiciúla ina gcuirtear meáchan ár gcoirp ar ár gcosa a dhéanamh go rialta. Is gníomhaíochtaí maithe dár sláinte cnámh iad gníomhaíochtaí amhail damhsa, rith, gleacaíocht agus leadóg.

bia sláintiúil

Gníomhaíocht Ghrúpa

Iarr ar na daltaí comhrá a dhéanamh i ngrúpaí faoi na cineálacha bia is fearr leo ón ngrúpa ‘bainne, iógart agus cáis’. Ansin iarr orthu, mar ghrúpa, pictiúr a tharraingt den chaoi a gcinntíonn siad go mbíonn táirgí déiríochta ina n-aiste bhia i rith an lae.

Mar shampla:

  • Tús a chur leis an lá le babhla leite te a bhíonn déanta le bainne.
  • Cartán nó buidéal bainne scoile a ól gach lá.
  • Ciúbanna cáise agus píosaí úill a ithe ag am sosa.
  • Iógart nádúrtha agus caora a ithe mar chuid den lón scoile.
  • Bainne a chur in anraith nó in anlann ag am dinnéir.
  • Sneaic a dhéanamh de cháis leáite ar thósta slánghráinneach.
  • Bainne a chur in uibheacha scrofa nó in uibheagán don dinnéar.
  • Cupán bainne the a ól roimh dhul a luí.

Gníomhaíocht Phearsanta

Iarr ar na daltaí smaoineamh ar bhealaí nua arbh fhéidir leo an grúpa bia ‘bainne, iógart agus cáis’ a chur lena n-aiste bhia agus a gcuid smaointe a tharraingt/a scríobh ar an mbileog ghníomhaíochta.

Gníomhaíochtaí Fairsingithe

  1. Iarr ar na daltaí póstaer a dhearadh de na 5 bpríomhleid atá acu chun taitneamh a bhaint as táirgí déiríochta. Cuir ar taispeáint timpeall an tseomra ranga iad.
  2. Déan suirbhé scoile ar na cineálacha bia is fearr le daoine ón ngrúpa bia ‘bainne, iógart agus cáis’. Cad é an bia is coitianta? Cé mhéad dalta ar maith leis bainne/cáis/iógart?
  3. Faigh nuachtáin agus irisí agus gearr amach samplaí de chineálacha éagsúla bia atá ar an tseilf dhéiríochta de Phirimide an Bhia. Úsáid iad chun póstaer den tseilf dhéiríochta a chruthú.
Lesson Plan For Home

Tabhair leat abhaile é

Spreag na daltaí chun an teachtaireacht a thabhairt abhaile maidir lena thábhachtaí atá táirgí déiríochta mar chuid d’aiste chothrom bhia. Mar obair bhaile, is féidir leat iarraidh ar na daltaí na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  1. Pictiúr a tharraingt nó liosta a dhéanamh de na táirgí bainne, iógairt agus cáise atá ina gcuisneoir.
  2. Iarraidh ar dhuine fásta cabhrú leo sneaic shláintiúil a dhéanamh le haghaidh lóin le bia ón tseilf dhéiríochta de Phirimid an Bhia.
ÍOSLÓDÁIL ANOIS féachaint ar fhíseán

Cuspóir

Feasacht na ndaltaí a fhorbairt ar a thábhachtaí atá gníomhaíocht choirp dá sláinte.

Fad: 30 nóiméad (nó mar sin)

Naisc leis an gCuraclam

OSPS:

Mise Ag tabhairt aire do mo chorp Bia agus cothú/Bheith eolach faoi mo chorp

Focail an Lae

infants lesson plan dairy

Déiríocht

Bainne agus cineálacha bia a dhéantar as bainne, mar shampla cáis agus iógart.

Cailciam

Cabhraíonn sé linn ár matáin, cnámha agus fiacla a choinneáil sláintiúil. Is foinsí cailciam iad bainne, iógart agus cáis.

Matáin

Clúdaíonn na matáin ár gcnámha agus cuidíonn siad linn bogadh.

Cnámha

Tá ár gcnámharlach comhdhéanta dár gcnámha.

Plé Bheirte

Iarr ar na daltaí ar an gcéad dul síos smaoineamh siar ar Cheacht 1 (Déiríocht i m’Aiste Bhia) agus a thabhairt chun cuimhne cén chaoi a gcuireann déiríocht le haiste shláintiúil bhia a choinneáil.

Cuir in iúl do na daltaí:

  • Tá gníomhaíocht fhisiciúil tábhachtach freisin chun slí mhaireachtála shláintiúil a chothabháil.
  • Tá slí mhaireachtála ghníomhach* tábhachtach chun na cnámha agus na matáin a choinneáil sláintiúil.
  • Tá cleachtaí áirithe (cleachtaí ‘glactha meáchain’) tábhachtach chun na cnámha a choinneáil sláintiúil.

*Cuir in iúl do na daltaí go moltar go mbeadh leanaí agus daoine óga (2-18 mbliana d’aois) gníomhach ar feadh 60 nóiméad ar a laghad gach lá.

The National Guidelines On Physical Activity For Ireland Download

Anois iarr ar na daltaí smaoineamh ar na bealaí ar féidir linn aire a thabhairt dár gcnámha. Pléigh na pointí seo a leanas:

  • Bíonn ár gcnámha ag fás agus ag éirí níos láidre i rith na hóige, mar sin tá sé tábhachtach aire a thabhairt dóibh. Is féidir linn cnámha láidre sláintiúla a thógáil ach na cineálacha cearta bia a ithe agus a bheith gníomhach.
  • Tá cailciam tábhachtach d’fhás ár gcnámh. Mar sin féin, tá go leor leanaí in Éirinn nach bhfaigheann go leor cailciam ina n-aiste bhia.
  • Is foinsí maithe cailciam iad bainne, iógart agus cáis. Moltar trí riar sa lá ón ngrúpa bia ‘bainne, iógart agus cáis’ do leanaí 5-8 mbliana d’aois.
  • Is ionann riar amháin agus gloine bhainne 200 ml, pota iógairt 125 g, nó píosa cáise 25 g, m.sh. cáis chéadair. Más féidir, taispeáin do na daltaí sampla de na méideanna difriúla bia atá i gceist.
  • Tá vitimín D an-tábhachtach ar fad freisin do shláinte na gcnámh.

Gníomhaíocht Ghrúpa

Mínigh go bhfuil na cleachtaí sin ina gcuirtear do chuid meáchain ar fad ar do chosa, amhail a bheith ag léim agus ag rith, go maith do do chnámha. Iarr ar na daltaí ina ngrúpaí smaoineamh ar shamplaí de na cineálacha sin cleachtaí agus iad a tharraingt. Iarr ar gach grúpa a gcuid smaointe a roinnt leis an rang.

Gníomhaíocht Ranga

Mar rang, iarr ar na daltaí smaoineamh ar bhealaí arbh fhéidir leo taitneamh a bhaint as bheith gníomhach gach lá agus póstaer ranga a chruthú.

Is féidir linn…

  • Siúl ar scoil/dul ar rothar ar scoil (nó cuid den bhealach).
  • Cluichí a imirt lasmuigh le cairde
  • Cluichí nua lasmuigh a chruthú lenár gcairde.
  • Páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí iar-scoile.
  • Teorainn ama a aontú le haghaidh ‘am scáileáin’ (teilifís, ríomhaire, fón, táibléad, srl.) le mamaí/daidí/duine fásta sa bhaile.
  • A sheiceáil go bhfuil ár scoil cláraithe do Bhratach na Scoile Gníomhaí – www.activeschoolflag.ie.

Cuir i gcuimhne do na daltaí go gcaitear an chuid is mó dá gcuid ama sa scoil ina suí ag deasc, mar sin tá sé tábhachtach éirí ina seasamh agus a gcuid matán a shíneadh nuair is féidir leo!

Spreag na daltaí leis an nasc a dhéanamh idir riachtanais bhia agus fuinnimh. Mínigh dóibh go gcaithfidh siad ithe chun cabhrú leo a bheith gníomhach i rith an lae.

Gníomhaíochtaí Fairsingithe

  1. Sa halla nó sa chlós súgartha, leag amach cúrsa de chleachtaí glactha meáchain atá idir shimplí agus spraíúil (rith ar an láthair, léim réaltchruthach, scipeáil, srl.) agus iarr ar na daltaí gach cleachtadh a dhéanamh go ceann 30 soicind. Mínigh do na daltaí gur féidir le beagnach gach duine na cleachtaí simplí, spraíúla sin a dhéanamh go tapa éasca in aon áit.
  2. Iarr ar na daltaí pictiúr a tharraingt díobh féin ag déanamh an chleachtaidh glactha meáchain is fearr leo féin.

Tabhair leat abhaile é

Spreag do chuid daltaí chun an teachtaireacht a thabhairt abhaile maidir lena thábhachtaí atá gníomhaíocht choirp mar chuid de stíl mhaireachtála shláintiúil. Mar obair bhaile, is féidir leat iarraidh ar na daltaí na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  1. Siúlóid teaghlaigh a eagrú.
  2. Dul ag siúl lena madra féin nó le madra na gcomharsan (le duine fásta).
  3. Spórt foirne a imirt lena dteaghlach.
ÍOSLÓDÁIL ANOIS féachaint ar fhíseán

Cuspóir

Tuiscint na ndaltaí a fhorbairt ar an sláinteachas fiacla, mar aon leis an tábhacht a bhaineann le haiste chothrom shláintiúil bhia don dea-shláinteachas fiacla.

Fad: 30 nóiméad (nó mar sin)

Naisc leis an gCuraclam

OSPS:

Mise Ag tabhairt aire do mo chorp A bheith eolach ar mo chorp/Bia agus cothú

Focail an Lae

Fiacla

Struchtúir chrua chnámhacha sa ghiall a chabhraíonn linn ithe agus labhairt.

Drandal

Cosnaíonn an drandal cnámh agus fréamhacha na bhfiacla.

Cruan

Is é is cruan ann ná dromchla crua seachtrach na bhfiacla. Clúdaíonn cruan na fiacla agus cosnaíonn sé iad.

Lobhadh fiacla

Nuair a ithimid nó nuair a ólaimid rud éigin a bhfuil siúcra ann, tosaíonn an cruan ar ár bhfiacla ag briseadh síos. Tarlaíonn lobhadh na bhfiacla dá dheasca sin.

Plé Ranga

Cuir in iúl do na daltaí go mbeidh sibh ag foghlaim cén chaoi cúram a thabhairt do na fiacla agus don drandal.

Iarr ar na daltaí:

  • Méar a dhíriú ar a gcuid fiacla agus ar a ndrandal.
  • An tuiscint atá acu ar na focail ‘fiacla’ agus ‘drandal’ (déan tagairt d’Fhocail an Lae) a mhíniú.
  • Plé a dhéanamh ar cén fáth a mheasann siad a bhfuil sé tábhachtach cúram a dhéanamh de na fiacla, mar shampla:
  • Mura dtugaimid aire dár bhfiacla, d’fhéadfadh sé go lobhfadh na fiacla nó go dtiocfadh tinneas fiacaile nó galar drandail orainn.
  • Dá fheabhas do shláinteachas fiacla agus tú óg is ea is láidre a bheidh d’fhiacla nuair a bheidh tú níos sine.
  • Tá fiacla tábhachtach le bheith ag ithe, ag caint agus ag déanamh gáire.

Mínigh lobhadh fiacla (féach Focail an Lae don sainmhíniú air). Ar an dea-uair, tá a chosaint féin ag an mbéal i gcoinne lobhadh fiacla. 20 nóiméad tar éis rud éigin siúcrúil a ithe nó a ól, mura nglactar níos mó siúcra isteach, tosaíonn an t-aigéad ag neodrú agus filleann dromchla na fiacaile ar ais ar an ngnáthstaid. Sin é an fáth a bhfuil sé tábhachtach gan deochanna ná sneaiceanna siúcrúla a ithe idir béilí.

Iarr ar na daltaí smaoineamh ar na bealaí ar féidir leo aire a thabhairt dá gcuid fiacla agus dá ndrandal. Tarraing damhánléaráid ar an gclár agus cuir smaointe na ndaltaí uirthi.

Leideanna plé:

  • Ith béilí agus sneaiceanna sláintiúla.
  • Is iad uisce agus bainne na deochanna is fearr le haghaidh fiacla sláintiúla
  • Cuir san áireamh bianna ar foinsí cailciam iad, rud a chabhraíonn le fiacla a choinneáil sláintiúil, m.sh. táirgí ar nós bainne, iógart nádúrtha agus cáise (moltar dul le cineálacha ar bheagán saille).
  • Déan iarracht gan sneaiceanna siúcrúla (m.sh. milseáin, seacláid, agus brioscaí) a ithe ná deochanna siúcrúla a ól. D’fhéadfadh ithe cineálacha bia a bhfuil cuid mhór siúcra iontu idir béilí a bheith ina chúis le lobhadh na bhfiacla.
  • Glan do dhrandal agus do chuid fiacla i gceart.
  • Scuab do chuid fiacla dhá uair sa lá.

Plé Bheirte

Léigh na ceisteanna seo a leanas faoi chúram fiacla amach os ard agus iarr ar na daltaí gach ceist a phlé go hachomair le dalta eile, ansin déan plé ranga air (freagraí i lúibíní thíos).

  1. Cé chomh minic ba chóir duit do chuid fiacla a scuabadh gach lá? (Dhá uair sa lá)
  2. Cén chaoi ar chóir duit do chuid fiacla a scuabadh? (Féach thíos)
  3. Cá fhad ba chóir duit a chaitheamh ag scuabadh do chuid fiacla? (2-3 nóiméad)

Tabhair breac-chuntas ar an gcaoi chun fiacla a scuabadh:

  • Faigh cabhair le do chuid fiacla a scuabadh.
  • Scuab dhá fhiacail ag an am (leithead cheann na scuaibe fiacla).
  • Comhair suas go dtí a deich do gach dhá fhiacail atá á scuabadh agat.
  • Scuab an drandal agus na fiacla le scuab fiacla agus beagán taos fiacla fluairíde (1,000 ppm ar a laghad) i ngluaiseacht réidh chiorclach. (Féach na pictiúir)
  • Scuab na fiacla ag an mbarr agus ag an mbun.
  • Scuab na dromchlaí amuigh agus istigh de na fiacla agus den drandal, chomh maith leis an dromchla coganta.
  • Caith amach as do bhéal an taos fiacla – níor cheart rinseáil.

Gníomhaíocht Phearsanta

Tabhair cóip den bhileog ghníomhaíochta ‘Leideanna Luachmhara ar Leas na bhFiacla’ do gach dalta. Pléigh gach ceann de na 8 leid atá ann. Iarr ar na daltaí éisteacht agus tú ag plé gach leide agus an uimhir cheart (ó 1 go 8) a chur sa bhosca don fhreagra. Ansin iarr ar na daltaí an leid is fearr leo a léiriú.

Leideanna Luachmhara ar Leas na bhFiacla

  1. Scuab do chuid fiacla dhá uair sa lá: roimh dhul a chodladh agus uair amháin eile le linn an lae.
  2. Bain úsáid as scuab fiacla agus taos fiacla chun do chuid fiacla a scuabadh. Glan gach fiacail.
  3. Ba cheart go dtógfadh sé 2-3 nóiméad (fad amhráin, nó mar sin) chun do chuid fiacla a ghlanadh i gceart.
  4. Caith amach as do bhéal an taos fiacla, ná rinseáil.
  5. Ná hith agus ná slog an taos fiacla riamh.
  6. Athraigh do scuab fiacla nuair a bhíonn na guairí caite, gach trí mhí nó mar sin
  7. Faigh cabhair le do chuid fiacla a scuabadh. Beidh cabhair ag teastáil uait chun do chuid fiacla a scuabadh go díreach mar a theastaíonn cabhair uait le hiallacha do chuid bróg a cheangal nó le do chuid gruaige a ní.
  8. Tá sé tábhachtach gach aon fhiacail a ghlanadh agus do chuid fiacla á scuabadh agat.

Gníomhaíochtaí Fairsingithe

  1. Iarr ar na daltaí, agus iad ag obair ina ngrúpaí, liosta a dhéanamh de na cineálacha bia atá go maith chun na fiacla a choinneáil sláintiúil.
  2. Iarr ar na daltaí pictiúr a tharraingt ina gcóipleabhar de na trí bhealach a dtabharfaidh siad aire dá gcuid fiacla.
  3. Imir Biongó Fiacla sa seomra ranga: Dental Bingo

Tabhair leat abhaile é

Spreag na daltaí chun an teachtaireacht a thabhairt abhaile maidir lena thábhachtaí atá sé aiste bhia atá idir chothrom agus sláintiúil a bheith acu le sláinte a gcuid fiacla a choinneáil go maith. Mar obair bhaile, is féidir leat iarraidh ar na daltaí na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  1. Pictiúr a tharraingt den bhia atá acu sa bhaile atá go maith do na fiacla.
  2. Iarr ar na daltaí taifead a choinneáil go ceann seachtaine ar cé chomh minic is a scuabann siad a gcuid fiacla gach lá.
  3. Féach láithreán gréasáin an Fhorais Sláinte Fiacla chun teacht ar leideanna nua lán le spraoi! www.dentalhealth.ie/resources/educational
ÍOSLÓDÁIL ANOIS féachaint ar fhíseán

Cuspóir

Tuiscint na ndaltaí a fhorbairt ar thionchar an táirgthe bia agus déiríochta ar an athrú aeráide, ar a thábhachtaí atá sé ithe go hinbhuanaithe, agus feasacht a mhúscailt ar roghanna bia inbhuanaithe.

Fad: 30 nóiméad (nó mar sin)

Naisc leis an gCuraclam

OSPS:

Mé féin agus an domhan mór Ag forbairt saoránachta Cúram imshaoil

Tíreolaíocht:

Timpeallachtaí Nádúrtha Aimsir Feasacht agus Cúram Imshaoil Ag tabhairt aire don dúiche timpeall orm

Focail an Lae

Gáis Ceaptha Teasa

Gáis san aer (amhail CO2) a cheapann fuinneamh ón ngrian.

An tAthrú Aeráide

Is iomaí gníomhaíocht a bhíonn ar siúl ag daoine lena ngintear gáis ceaptha teasa (amhail carranna a thiomáint, leictreachas a úsáid agus a thuilleadh nach iad). Feidhmíonn na gáis seo mar a bheadh pluid ann agus téann an Domhan. Ciallaíonn sé seo go bhfuil aeráidí (patrúin aimsire) ag athrú ar fud an domhain.

Táirgeadh Bia

An chaoi a ndéantar ár mbia a fhás, a phróiseáil agus a phacáistiú sula dtagann sé chomh fada leis an ollmhargadh.

Bia-Aistear

Fad an aistir a bhíonn ag an mbia ón bhfeirm go dtí an pláta. Dá fhad an t-aistear sin, is ea is mó a bhia-aistear.

Táirgeadh Féarbhunaithe Déiríochta

Aeráid chineálta (níl sí róthe ná rófhuar) fhliuch atá againn in Éirinn. Mar thoradh air sin, tá féaraigh shaibhre againn agus itheann ár n-ainmhithe feirme an féar sláintiúil sin.

Ithe go hInbhuanaithe

Bianna a roghnú atá go maith dár gcorp agus don chomhshaol araon (gach ní beo agus neamhbheo timpeall ort, an t-aer ina measc). Chun an méid sin a dhéanamh is féidir linn:

  1. Dul chuig siopaí áitiúla (gar dár mbaile/gcontae nó in Éirinn)
  2. Bianna atá i séasúr a roghnú (i.e. bianna a fhástar go nádúrtha agus a bhaintear ag an am is fearr)
  3. Iarracht a dhéanamh fanacht glan ar bhia i bpacáistiú plaisteach nuair is féidir
  4. Torthaí agus glasraí dár gcuid féin a fhás!
  5. Cabhróidh Pirimid an Bhia linn roghanna sláintiúla agus inbhuanaithe bia a dhéanamh.

Plé Ranga

Cuir in iúl do na daltaí go mbeidh siad ag foghlaim faoi tháirgeadh bia agus déiríochta (an chaoi a ndéantar ár mbia/dtáirgí déiríochta a fhás, a phróiseáil agus a phacáistiú) agus faoi ithe go hinbhuanaithe (bianna a ithe atá go maith dár gcorp agus don chomhshaol araon). Iarr ar na daltaí breathnú ar ‘Focail an Lae’ agus ar na híomhánna atá in aice leis na sainmhínithe. Roghnaigh cuid de na pointí seo a leanas le plé le do rang agus breac síos a gcuid smaointe ar mheabhairmhapa ar an gclár bán.

Ceisteanna Leide:

  • Cad a tharlaíonn dár mbia, dar leat, sula dtagann sé chomh fada leis an ollmhargadh?
  • Tá an próiseas táirgthe bainne in Éirinn ar cheann de na próisis is fearr dá leithéid. An féidir leat buille faoi thuairim a thabhairt cén fáth arb amhlaidh atá?
  • Cén chaoi ar féidir linn a bheith cinnte gur anseo i bPoblacht na hÉireann a rinneadh an bainne a shaothrú?
  • Cé na roghanna bia is féidir linn a dhéanamh atá go maith don chomhshaol?
  • Cén tuiscint atá agat ar an mbaint atá idir ár roghanna bia agus an t-athrú aeráide?

Féach ar an léaráid thuas ar leathanach 15 agus déan machnamh ar na bealaí a bhféadfadh táirgeadh bia a bheith ag cur le hastaíochtaí gás ceaptha teasa. Úsáid cuid de na pointí forbartha thíos mar rang leis na smaointe a ndearnadh iniúchadh orthu cheana a fhorbairt tuilleadh:

Leideanna Plé:
(roghnaigh pointe nó dhó thíos le plé le do rang)

  • Cuimsítear sa táirgeadh bia gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh cur le gáis ceaptha teasa, amhail talmhaíocht, iompar agus dramhaíl.
  • Úsáidtear a lán acmhainní nádúrtha, amhail talamh agus uisce, lenár mbia a phróiseáil agus a phacáistiú, leis.
  • Bíonn cuid de na méideanna is ísle gás ceaptha teasa san Aontas Eorpach á scaoileadh ó fheirmeacha déiríochta in Éirinn.
  • Is inbhuanaithe don chomhshaol an táirgeadh déiríochta féarbhunaithe ná modhanna táirgthe déiríochta eile. Bíonn na ba amuigh ar féarach ar fhéar glas méith 240 lá sa bhliain ar an meán mar thoradh ar an aeráid chineálta fhliuch atá againn!
  • Úsáidtear suas le 20% níos lú uisce sa táirgeadh déiríochta féarbhunaithe in Éirinn i gcomparáid le formhór na dtíortha eile san Eoraip. Is ón mbáisteach a fhaightear 99% den uisce a úsáidtear ar fheirmeacha na hÉireann, agus is fíorbheag ar fad an tionchar a bhíonn aige sin ar an strus uisce.
  • Súnn féaraigh carbón isteach ón atmaisféar, rud a chabhraíonn cúiteamh a dhéanamh ar chuid de na hastaíochtaí carbóin a mbíonn an fheirmeoireacht talmhaíochta ina cúis leo.
  • Bíonn bia-aistear níos lú i gceist le bia séasúrach a fhástar nó a fhaightear go háitiúil.·Is mór an chabhair é chun dramhaíl a laghdú ná bia gan pacáistíocht ar bith (nó bia le pacáistíocht in-bhithmhillte) a roghnú.
  • Tugann an gealltanas Saothraithe i bPoblacht na hÉireann le fios go ndearnadh an bainne a fhoinsiú agus a phróiseáil i bPoblacht na hÉireann agus go dtacaíonn sé le poist áitiúla ar fheirmeacha déiríochta dá bhrí sin.

Plé Beirte

  1. Taispeáin liosta de na cineálacha bia seo a leanas ar an gclár bán (bíodh pictiúir in aice leo más féidir) agus léigh amach os ard iad: bainne, iógart, cáis, iasc, prátaí, sútha talún, abhacáid, anainn, agus meacain dhearga. Inis do na daltaí ar an gcéad dul síos gur féidir linn teacht ar an gcuid is mó de na cineálacha bia seo sna hollmhargaí ó thús deireadh na bliana.
  2. Roghnaigh cuid de na ceisteanna thíos le léamh amach os ard agus iarr ar na daltaí iad a phlé go hachomair le dalta eile. Ansin pléigh mar rang iad, agus tagairt á déanamh do na pointí forbartha seo a leanas:

Ceisteanna Leide:

  • I do thuairim, cé na cineálacha bia anseo is féidir a shaothrú nó a dhéanamh in Éirinn?·An bhfuil aon bhrandaí Éireannacha ar eolas agat (mar shampla, bainne, iógart, cáis)?
  • Cé na cineálacha bia a fhástar san earrach? Sa samhradh?
  • Tabhair buille faoi thuairim cá as a dtagann abhacáid? Cad faoi anainn?
  • Cén chaoi a dtagann abhacáid agus anainn go hÉirinn? (m.sh. ar eitleán, ar long, srl.)
  • Nuair a fheiceann tú na cineálacha bia seo sna ollmhargadh, an mbíonn clúdach plaisteach orthu?
  • An itheann tú féin agus do theaghlach an bia ar fad a cheannaíonn sibh? Cén chaoi a bhféadfaimis ní ba lú bia a chur amú?

Leideanna Plé: (roghnaigh pointe nó dhó thíos le plé le do rang)

  • Is féidir bainne, iógart agus cáis, cineálacha éagsúla iasc (amhail bradáin agus ronnaigh), prátaí, cairéid agus sútha talún a tháirgeadh anseo in Éirinn, ach tagann cuid mhór de na hearraí seo ó thíortha eile freisin. Is fíor é sin go háirithe nuair a cheannaímid cineálacha bia nach bhfuil i séasúr nó nach bhfuil reoite.
  • Tá fáil againn ar raon mór táirgí bainne agus déiríochta ó Éirinn. Ná déan dearmad súil a choinneáil amach don ghealltanas Saothraithe i bPoblacht na hÉireann ar bhainne. Coinnigh súil amach do cháis agus iógart ó bhrandaí Éireannacha agus tú ag siopadóireacht freisin. Ceannaigh iasc úr ón gceannaí éisc áitiúil más féidir. Léigh na lipéid ar an mbia a roghnaíonn tú i gcónaí.
  • Is féidir linn féilire shéasúrach Bhord Bia (https://www.bordbia.ie/whats-in-season/best-in-season/calendar/september) a úsáid lena fháil amach cé na cineálacha bia atá i séasúr. Mar shampla, bíonn úlla i séasúr ó mhí Mheán Fómhair agus is i mí na Bealtaine a thosaíonn séasúr na sútha talún.
  • Uaireanta is maith linn bia nach bhfásann in Éirinn ar chor ar bith, mar shampla anainn, abhacáid agus oráistí. Nó is féidir linn sútha talún (ar féidir iad a fhás in Éirinn) a ithe gan iad a bheith i séasúr. Bíonn cuid de na bianna sin á n-iompórtáil ón Afraic Theas, ó Chósta Ríce, ón Spáinn agus ó áiteanna eile!
  • Bíonn earraí á dtabhairt go hÉirinn ar eitleáin, ar longa agus ar leoraithe. Ní hé sin le rá nach bianna sláintiúla iad na bianna a iompórtáiltear agus seans maith gur mhaith linn iad a ithe mar chuid dár n-aiste bhia. An rud is tábhachtaí, mar sin féin, ná iarracht a dhéanamh bia áitiúil atá i séasúr a roghnú nuair is féidir. Ach bia a fhástar nó a tháirgtear go háitiúil a ithe, laghdaímid an bia-aistear agus tacaímid le feirmeoirí in Éirinn.
  • Bíonn pacáistíocht phlaisteach ar chuid mhór de na bianna sa mhargadh. Is féidir linn bianna pacáistithe a sheachaint ach torthaí agus glasraí gan phacáistíocht a roghnú agus úsáid a bhaint as málaí in-athúsáidte. Cabhraíonn sé sin le dramhaíl bhia a laghdú.
  • Cuirtear trian de bhia an domhain amú gach bliain toisc go dtéann sé ó mhaith sula n-itear é. Nuair a chuirtear san áireamh na hacmhainní a úsáidtear chun bia a tháirgeadh, ní haon iontas go gcuireann dramhaíl bhia go mór leis an athrú aeráide.
  • Ach aiste chothrom bhia a ithe, bímid cinnte de go n-ithimid na cineálacha bia a theastaíonn uainn le bheith sláintiúil agus láidir agus go mbíonn an méid ceart bia á ithe againn gan an iomarca úsáide a bhaint as acmhainní agus gan acmhainní a chur amú. Féach Plean Ceachta 1: Táirgí Déiríochta i m’Aiste Bhia.

Gníomhaíocht Bheirte

Léigh amach os ard an bhileog ghníomhaíochta Eolach ar an Margadh. Téigh trí Cheist 1 leis an rang mar shampla dóibh. Ansin, iarr ar na daltaí dul ag obair ina mbeirteanna agus an bhileog ghníomhaíochta a líonadh isteach. Pléigh na roghanna a rinne siad ar a mbileog ghníomhaíochta mar rang.

Gníomhaíocht Phearsanta

Dear póstaer don bhranda bainne áitiúil nó don Scéim Bainne Scoile. Bíodh ainm an bhranda le feiceáil, mar aon leis an ngealltanas Saothraithe i bPoblacht na hÉireann. Ná déan dearmad pictiúir a úsáid le daoine a tharraingt isteach! Cuir an póstaer ar taispeáint sa seomra ranga.

Gníomhaíochtaí Fairsingithe

  1. Tabhair cuireadh d’fheirmeoir labhairt leis an rang faoi cé chomh tábhachtach atá sé táirgí áitiúla a cheannach.
  2. Fásaigí bhur gcuid plandaí féin sa seomra ranga! Cuir roinnt luibheanna nó glasraí in éineacht leis na daltaí.
  3. Spreag na daltaí chun iarracht a dhéanamh a gcuid dramhaíola a laghdú ach leas a bhaint as a bhfuil sa chuisneoir acu. Is féidir bainne agus iógart a chur le chéile le caora nó banana lánaibí chun caoineog álainn torthaí a dhéanamh. Is féidir anraith blasta glasraí a dhéanamh le brocailí sleabhctha nó trátaí boga in áit iad a chaitheamh sa bhosca bruscair.

Tabhair leat abhaile é

  1. An chéad uair eile a rachaidh tú chun an mhargaidh, déan iarracht teacht ar 3 earra bia a shaothraítear nó a dhéantar in Éirinn. Ná déan dearmad súil a choinneáil amach don ghealltanas Saothraithe i bPoblacht na hÉireann ar bhainne!
  2. Taispeáin an bhileog ghníomhaíochta Eolach ar an Margadh do do theaghlach agus déan tástáil bhreise ar chuid de na cineálacha bia atá sa bhaile agaibh. Cá fhad a bhí bia-aistir na dtáirgí bia sin? Déan conradh teaghlaigh chun níos mó bia áitiúil a cheannach.
ÍOSLÓDÁIL ANOIS féachaint ar fhíseán

Cuspóir

Chun feasacht na ndaltaí ar thábhacht na feirmeoireachta déiríochta a fhorbairt, mar aon lena dtuiscint ar an saol laethúil ar an bhfeirm.

Fad: 30 nóiméad (nó mar sin)

NAISC CHURACLAIM

Tíreolaíocht:

Timpeallachtaí daonna Ag maireachtáil sa phobal áitiúil Daoine ag obair

Focail an Lae

Feirm Dhéiríochta

Cineál feirme ar a ndéantar táirgí déiríochta a tháirgeadh.

Dul ar féarach

Ainmhithe, cosúil le ba, ag beathú ar fhéar atá ag fás.

Bleánlann

Foirgneamh ar fheirm dhéiríochta a úsáidtear chun ba a bhleán.

Plé Ranga

Cuir thart an mála pónairí – Iarr ar na daltaí a gcuid eolais/taithí roimh ré ar an bhfeirmeoireacht déiríochta a roinnt leis an rang trí mhála pónairí a chur timpeall an ranga. Déanann an dalta a bhfuil an mála pónairí aige/aici ag an am an t-eolas nó an taithí sin a roinnt leis an rang.

Ceisteanna Leide:

  1. Cad is táirgí déiríochta ann? (Is táirgí bia amhail bainne, iógart agus cáis iad).
  2. Cad is feirmeoireacht déiríochta ann? (Is í an cineál feirmeoireachta í a tháirgeann táirgí déiríochta ar nós bainne, iógairt agus cáise).
  3. Cén cineál ainmhithe a cheapann tú a bheadh le feiceáil ar fheirm dhéiríochta? (Ba)
  4. An raibh tú riamh ar fheirm dhéiríochta? Déan cur síos ar a bhféadfá a fheiceáil ar fheirm dhéiríochta (m.sh. ba, bleánlann, bliteoirí, féar).

Plé Beirte

Iarr ar na daltaí smaoineamh ar na bealaí a bhféadfadh feirmeoirí aire a thabhairt do na ba ar fheirm dhéiríochta. Iarr ar gach duine acu a gcuid smaointe a phlé le dalta eile agus iarr ar gach beirt a gcuid smaointe a roinnt leis an rang.

Leideanna plé:

  • Soláthraíonn feirmeoirí easair do na ba le codladh uirthi.
  • Is féidir le feirmeoirí ba a fhágáil chun dul ar féarach ar fhéar úr lasmuigh ar feadh thart ar 240 lá sa bhliain!
  • Bogann feirmeoirí ba ó pháirc go páirc ionas go mbeidh go leor féir acu le hithe.
  • Tugann feirmeoirí na ba isteach faoi dhíon agus an aimsir fuar sa gheimhreadh.
  • Cinntíonn feirmeoirí go mbíonn bia le hithe ag na ba.
  • Coinníonn na feirmeoirí na bóithigh agus na bleánlanna deas glan.
  • Déanann feirmeoirí cinnte de go dtagann tréidlia chuig an bhfeirm chun na ba a choinneáil sláintiúil.

Gníomhaíocht Phearsanta

Iarr ar na daltaí ar an gcéad dul síos smaoineamh ar aistear an bhainne ón bhfeirm go dtí an ghloine ar bhord na cistine. Ansin tabhair cóip den bhileog ghníomhaíochta ‘Ón bhFéar go dtí do Mhéar’ do gach dalta. Iarr orthu breathnú ar 6 chéim an phróisis táirgthe bainne ‘Ón bhFéar go dtí do Mhéar’ agus uimhreacha a chur le gach ceann acu chun iad a chur san ord ceart. Pléigh an t-ord ceart mar rang agus labhair trí gach ceann de na céimeanna sa phróiseas táirgthe bainne. *(Tá an t-ord ceart ar leathanach 23).

Gníomhaíochtaí Fairsingithe

  1. Iarr ar na daltaí clúdach cartáin bainne a dhearadh.
  2. Iarr ar na daltaí ina ngrúpaí a bhfríos balla ranga/scoile féin a chruthú maidir le ‘Ón bhFéar go dtí do Mhéar’.

Ón bhFéar go dtí do Mhéar – 6 gcéim an phróisis táirgthe bainne

Céim 1 – Cothaítear ba ar fhéar úr.

Céim 2 – Déantar ba a bhleán dhá uair sa lá sa bhleánlann. Coinnítear an bainne fuar in umar bainne. Bailíonn tancaeir ón bhfeirm é gach 2-3 lá.

Céim 3 – Ag an déirí, pumpálann an tiománaí an bainne amach as an tancaer isteach i gcoimeádáin mhóra fhionnuara.

Céim 4 – Ag an déirí, déantar tástáil ar an mbainne lena chinntiú go bhfuil sé go maith agus nach bhfuil aon fhrídíní ann.

Céim 5 – Líontar coimeádáin ansin leis an mbainne. Déanann leoraithe an bainne a sheachadadh chuig tithe agus scoileanna.

Céim 6 – Mar sin, an chéad uair eile a bheidh tú ag baint taitneamh as gloine bainne bhlasta, is féidir leat a bheith cinnte go bhfuil tú ag ól deoch atá nádúrtha agus chothaitheach.

Tabhair leat abhaile é

Spreag na daltaí chun an teachtaireacht a thabhairt abhaile maidir lena thábhachtaí atá an fheirmeoireacht déiríochta.

Mar obair bhaile, is féidir leat iarraidh ar na daltaí na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  1. Féach ar na táirgí déiríochta sa chuisneoir agus sainaithin cén áit a bhfuarthas iad. Mar shampla, an bhfuarthas aon rud ó fheirm áitiúil?
  2. An bhfuil gealltanas na Comhairle Náisiúnta Déiríochta ‘Saothraithe i bPoblacht na hÉireann’ ar an mbainne sa chuisneoir?
  3. An bhfuil aithne acu ar fheirmeoir déiríochta áitiúil?
  4. Iarr orthu a fháil amach cé mhéad lítear bainne a ólann gach ball den teaghlach le himeacht na seachtaine. Déan comparáid eatarthu.
ÍOSLÓDÁIL ANOIS féachaint ar fhíseán

Gníomhaithe Ranga

póstaeir

dental-health-junior-poster
grass-to-glass-poster-irish
dairy-challenge-poster-irish